Thomas Andrews

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Thomas Andrews
Andrews Thomas.jpg
Saol
Eolas breitheBéal Feirste, 19 Nollaig 1813
NáisiúntachtÉire
BásBéal Feirste, 26 Samhain 1885
Muintir
AthairThomas John Andrews
MáthairElizabeth R. Stevenson
Céile/CéilíJane Hardie Walker (en) Aistrigh  (Meán Fómhair 18, 1842 -
Páistí
Oideachas
Alma materOllscoil Dhún Éideann
Science Faculty of Paris (en) Aistrigh
Belfast Royal Academy (en) Aistrigh
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Ollscoil Ghlaschú
Foras Ollscolach Bhéal Feirste
Gairm
Gairmfisiceoir, ceimiceoir agus dochtúir leighis
FostóiríOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Duaiseanna
BallraíochtAn Cumann Ríoga

Ceimicí fisiciúil a rugadh i mBéal Feirste agus a d'oibrigh i gColáiste na Ríona 1849-1879 ab ea Thomas Andrews (9 Nollaig 181326 Samhain 1885). Rinne sé tomhais chruinne ar theas neodraithe, teas déanmhaíochta, teas imoibrithe, agus teas folaigh galúcháin.

Bhain sé feidhm den chéad uair as buama-chalraiméadar. Chruthaigh sé nach comhdhúil é ózón ach allatróp ocsaigine. Rinne sé taighde ceannródaíoch ar dhéocsaíd charbóin, agus airíonna na ngás.

Thóg sé trealamh chun gáis a chur faoi ardbhrú, agus thaispeáin nach gcloíonn na buangháis, fiú, le dlí Boyle faoi fhíorchúinsí.

Thaispeáin sé gur féidir iad a leachtú faoi ardbhrú má íslítear an teocht faoi theocht chriticiúil, teocht ar leith do gach buanghás (1861).

Bhí na léargais seo ar an teorainn idir an staid ghásach is an staid leachtach bunúsach d'an-chuid forbairtí nua-aoiseacha (mar shampla, an timthriall cuisnithe sa chuisneoir).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]