Teas folaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist leis an teas folaigh[1][2] ná an teas a ionsúnn ábhar íon soladach agus é ag leá ag a leáphointe, mar a bhfanann a theocht tairiseach go mbíonn an t-ábhar go léir leachtach (an teas folaigh leáite), agus an teas a ionsúnn an t-ábhar leachtach is é ag fiuchadh ag a fhiuchphointe, mar a bhfanann a theocht tairiseach go mbíonn an t-ábhar go léir galaithe (an teas folaigh galaithe). Bíonn an teas folaigh céanna i gceist nuair a reonn an leacht ina sholad (an teas folaigh reoite) agus an teas folaigh leáite, ach amháin go gcailleann an leacht an teas seo. Mar an gcéanna, nuair a chomhdhlúthaíonn an ghal ina leacht, is ionann an teas folaigh a chailleann an ghal (an teas folaigh comhdhlúthaithe) is an teas folaigh galaithe. I gcás oighir ag 0 °C, is é 3.34 × 105 J kg-1 an teas folaigh leáite. I gcás uisce ag 100 °C, is é 2.26 × 106 J kg-1 an teas folaigh galaithe.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): teas folaigh” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-08-19.
  2. “latent heat” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  3. Hussey, Matt (2011). "Teas folaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 648.