The Late Late Show (RTÉ)
Láithreoir(í) | Patrick Kielty, Gay Byrne, Frank Hall agus Ryan Tubridy |
---|---|
Tír | Éire |
Bealach teilifíse | RTÉ a hAon |
Líon séasúr | 54 |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | rte.ie… |
- Baineann an t-alt seo leis an clár ar RTÉ; má tá suim agat sa gclár Meiriceánach, féach The Late Late Show (CBS).
Is seó cainte é The Late Late Show a chraoltar ar an gcainéal RTÉ a hAon gach Aoine ó Mheán Fómhair go dtí Bealtaine ag 21:30.[1] "Is cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre é an Late Late, meascán mearaí den trom agus éadrom."[2]
Tá meas mór ar an Late Late in Éirinn sa lá atá inniu ann. 'Sé an seó comhrá is fadmharthanaí ar domhan inniu.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Craoladh an Late Late Show don chéad uair riamh ar 6 Iúil 1962, le Gay Byrne mar fhear an tí.[3] Ag an am sin, bhí sé ar siúl gach Satharn. Clár conspóideach a bhí ann sna luath-laethanta agus Gay Byrne mar láithreoir. D’éirigh le "GayBo" an tsuáilce agus an duáilce a chniotáil le chéile. Ba chlár é a gcaití féachaint air óir gur rímhinic a d’eascair allagar na seachtaine as. Ba mhinic breis agus milliún daoine ag féachaint ar gclár.
D’éirigh le láithreoir nua, Ryan Tubridy, in 2009 breis agus 1.6 milliún duine a mhealladh. Ach sa bhliain 2023, ní raibh uaireanta ach 400,000 duine ag féachaint ar an gclár agus d'éirigh sé as a phost.[2]
Ceapadh Patrick Kielty mar láithreoir agus chuir sé tús le séasúr nua ar 15 Meán Fómhair 2023.[4][5]
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ann Lovett, 1984: Cailleadh an ghirseach ar 31 Eanáir 1984. Ba ea Gay Byrne ar an The Late Late Show a d’aimsigh an nuacht ar dtús. "Nothing terribly exciting there", a dúirt sé, agus é ag athbhreithniú na nuachtán.[6] Ach bhain bás an déagóra croitheadh as pobal na hÉireann na laethanta ina dhiaidh.
Láithreoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Láithreoir | Ó | Go | ||
---|---|---|---|---|
Dáta | Aois | Dáta | Aois | |
Gay Byrne | 6 Iúil 1962 | 27 | 30 Bealtaine 1964 | 29 |
Frank Hall | 19 Meán Fómhair 1964 | 43 | 19 Nollaig 1964 | 43 |
Gay Byrne | 2 Eanáir 1965 | 30 | 21 Bealtaine 1999 | 64 |
Pat Kenny | 10 Meán Fómhair 1999 | 51 | 29 Bealtaine 2009 | 61 |
Ryan Tubridy | 4 Meán Fómhair 2009 | 36 | Bealtaine 2023 | 49 |
Patrick Kielty | 15 Meán Fómhair 2023 | 52 |
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ RTÉ. "Late Late" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2020-07-06.
- ↑ 2.0 2.1 Breandán M Mac Gearailt (Márta 24 2023). "Dúléim na guaise le tabhairt ag an Late Late Show" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-28.
- ↑ "To whom it concerns: Remembering Gay Byrne" (as en) (2019-11-18).
- ↑ Ar dhuine de na haíonna a bhí ar an gclár bhí iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-09-16). "Patrick Kielty i ndiaidh a chéad 'Late Late' a láithriú" (as ga).
- ↑ Donal O'Keeffe (2016-04-07). "Our story is still in the making and Ireland needs to start trusting women" (en-GB). The Avondhu Newspaper. Dáta rochtana: 2023-12-04.