Tearmann ainmhithe fiáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réimse talún a chuirtear in áirithe go buan chun ainmhithe fiáine a chosaint is a chothú, cosúil leis an Masai Mara sa Chéinia, an Serengeti sa Tansáin, agus an Mhórsceir Bhacainneach san Astráil. Go hidéalach, b'fhearr fásach, fairsing a dóthain chun an líon ainmhithe is plandaí ann a choinneáil marthanach. Agus an brú ar acmhainní talún, uisce is farraige á mhéadú ar fud an Domhain, is féidir go gcomhlíonfaidh tearmainn mar seo aidhmeanna eile freisin, mar a dhéanann rialtas na hIndinéise maidir le páirc nua foraois bháistí ar oileán Sulawesi ina bhfuil an fhoraois á caomhnú chun an abhantrach is na feirmeacha ríse thíos an abhainn a chosaint ón bhforaois.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tearmann ainmhithe fiáine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 647.