An Mhórsceir Bhacainneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Mhórsceir Bhacainneach
(en) Great Barrier Reef
GreatBarrierReef-EO.JPG
CineálCoral reef (en) Aistrigh, natural cultural heritage site (en) Aistrigh agus díol spéise do thurasóirí
Limistéar faoi chosaintGreat Barrier Reef Marine Park (en) Aistrigh
Suíomh
Ríocht comhlathaisAn Astráil
State of AustraliaTír na Banríona
 19°15′58″S 148°35′13″E / 19.266°S 148.587°E / -19.266; 148.587Comhordanáidí: 19°15′58″S 148°35′13″E / 19.266°S 148.587°E / -19.266; 148.587
FarraigeCoral Sea (en) Aistrigh
Tréithe
Listed on the Australian National Heritage List (en) Aistrigh
AmBealtaine 21, 2007
Aitheantóir105709
Suíomh Oidhreachta Domhanda Welterbe.svg 
CineálOidhreacht nádúrtha  → An Áise-An Aigéine
Am1981 (5th Seisiún), Critéar roghnúcháin don Oidhreacht Dhomhanda: (vii), (viii), (ix) agus World Heritage selection criterion (x) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir154

Suíomh oifigiúil

Is ceann d'iontais na cruinne í an Mhórsceir Bhacainneach, an Great Barrier Reef. Tosaíonn sí taobh thoir thuaidh de Leithinis Rinn York in oirthuaisceart na hAstráile agus síneann sí 2,000 ciliméadar ó dheas le cósta Queensland.

Tá tuairim is 23,000 ciliméadar cearnach ann ar fad. I ndáiríre ní sceir amháin atá ann ach na mílte acu, ar a laghad 3,000. Ina measc tá 600 oileán. Deirtear go bhfuil chuile dhath a d'fhéadfadh a bheith ann ar an uisce ina timpeall, turcaid anseo, gormghlas ansiúd agus in áiteacha eile é chomh gorm leis an bplúirín. Tá éagsúlacht éan, éisc agus ainmhithe ann nach bhfuil le fáil ach i gcorr-áit ar domhan. Meastar go bhfuil 200 saghas éin agus 5,500 saghas éisc ann agus níl a bhformhór sin le fáil in aon áit eile.

Turasóirí agus iascairí is mó a bhaineann leas as an sceir seo agus tá faitíos ar dhaoine anois go bhfuil iascairí ag déanamh dochair don éiceachóras leochaileach. Chomh maith leo sin, tá rudaí sa nádúr a dhéanann dochar di ó am go chéile. Go dtí seo is í crosóg na corónach deilgne is mó is cúis leis sin ó na seascaidí i leith, cé gur cosúil go bhfuil sí sin faoi smacht i láthair na huaire. Ina theannta sin, tá imní ar lucht taighde faoin ngealadh atá ag tarlú le tamall de bhlianta. Ceaptar go bhfuil baint ag téamh domhanda nó ag El Niño leis sin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]