An difríocht idir athruithe ar: "Praiséidimiam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 91 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1386 (translate me)
Minorax (plé | dréachtaí)
png -> svg
Líne 7: Líne 7:
|Dlús=6.77 g·cm<sup>−3</sup>
|Dlús=6.77 g·cm<sup>−3</sup>
|Sraith=Lantanóidigh
|Sraith=Lantanóidigh
|Íomhá=Pr-TableImage.png
|Íomhá=Pr-TableImage.svg
}}
}}



Leagan ó 10:36, 4 Meitheamh 2019

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais

Is é an praiséidimiam dúil uimhir a 59, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Pr. Ceann de na miotail tearc-chré agus ceann de na lantanóidigh atá ann. Miotal insínte é agus loinnir an airgid ann, ach nuair a imoibreoidh sé le hocsaigin an aeir, tiocfaidh smúit uaine ocsaíde air. In imeacht ama, titfidh an ocsaíd ina scraitheanna den mhiotal, ionas gur féidir leis an ocsaigin tuilleadh dochair a dhéanamh don mhiotal féin. Mar sin, is gnách an praiséidimiam a choinneáil i gcoimeádán lán ola, ionas nach dtiocfaidh sé i dteagmháil leis an aer.

Maidir leis an ainm, tá sé curtha le chéile as dhá fhocal Gréigise a chiallaíonn "uaine" agus "leathchúpla". Sa bhliain 1841, d'aithin an ceimiceoir Sualannach Carl Gustaf Mosander miotal nua (mar a shíl sé) ar bhaist sé an t-ainm didimiam air (as an bhfocal Gréigise didymos a chiallaíonn "leathchúpla"). Sa bhliain 1874, áfach, tháinig Per Theodor Cleve gur dhá dhúil a bhí i gceist leis an didimiam, mar atá, an praiséidimiam agus an neoidimiam.

Imoibríonn an praiséidimiam go fonnmhar le huisce, ionas go gcruthaítear hiodrocsaíd praiséidimiam, Pr(OH)3. Mar a fheicimid anseo, is í an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá aige ná +3, agus sin í an staid ocsaídiúcháin atá aige sna halaiginídí freisin a chruthófar nuair a thiocfaidh sé i dteagmháil le halaiginí: an trífhluairíd PrF3, an tríchlóiríd PrCl3, an tríbhróimíd PrBr3, agus an trí-iaidíd PrI3. Maidir leis an ocsaíd a chruthaítear faoi thionchar an aeir, is meascán í as an tríocsaíd dé-phraiséidimiam Pr2O3 agus an dé-ocsaíd praiséidimiam PrO2.

Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an bpraiséidimiam, mar atá: praiséidimiam a 141.