An difríocht idir athruithe ar: "Seán Ó Cathasaigh"

Jump to navigation Jump to search
no edit summary
m
== A chéad óige ==
 
Saolaíodh Seán Ó Cathasaigh (''John Casey'', san am sin) ar a 85 Sráid Dorset Uachtarach i dTuaisceartdtuaisceart Lárlár [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]]. Is minic a shíltear gur tháinig sé ar an bhfód i gceann de thionóntáin na mbocht a mbíonn an saol iontu á chardáil ina chuid drámaí. Le fírinne, áfach, breac-mheánaicme ab ea a [[Teaghlach|mhuintir]]. [[Protastúnachas|Protastúnach]] a bhí ann, nó bhí sé ina bhall d'[[Eaglais na hÉireann]]. B'as [[Contae Chill Mhantáin]] dá thuismitheoirí ó thús, agus bhí a athair ag obair ina fhear cothabhála sa teach ina raibh cónaí orthu in áit cíos a íoc.
 
Tachtadh Mícheál, athair Sheáin Uí Chathasaigh, nuair a bhí sé ag ithe éisc ámh, nó b'fhéidir gur bhásaigh sé tar éis tinnis. Ina dhiaidh sin, bhí ar a mhuirín dul ó áit go háit timpeall Thuaisceart Bhaile Átha Cliath. Maidir le Seán óg, bhí radharc a shúl go dona, rud a chuir isteach air ag tógáil léin dó. D'éirigh sé as an [[scoil]] agus é ceithre bliana déag d'aois agus chuaigh sé timpeall ag jabaireacht oibre. Mar shampla, chaith sé naoi mbliana ar an mbóthar iarainn.
Ó bhí sé ag cur tuilleadh spéise sa [[náisiúnachas]] in imeacht an ama, chuaigh sé i g[[Conradh na Gaeilge]] sa bhliain 1906, agus d'fhoghlaim sé [[Gaeilge]]. Thairis sin, d'fhoghlaim sé na [[píoba uilleann]] a sheinm, agus é ar dhuine acu siúd a bhunaigh Buíon Cheoil Naomh Labhráis Uí Thuathail. Bhí sé ina rúnaí don [[Ceolfhoireann|cheolfhoireann]] seo chomh maith. Chuaigh sé i m[[Bráithreachas na Poblachta]], agus ghlac sé páirt in obair [[Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann|Cheardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann]], an ceardchumann a bhunaigh [[Séamas Ó Lorcáin|Seámus Mór Ó Lorcáin]] le haire a thabhairt do leas na n-oibrithe neamhoilte a raibh cónaí orthu i dtionóntáin Bhaile Átha Cliath.
 
I Márta 1914, rinneadh Ard-Rúnaí de d'[[Arm na Saoránach]]. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh [[Séamus Ó Conghaile]] i gceannas ar an Arm[[Fórsaí armtha|arm]]. Ar an 24 Iúil 1914, d'éirigh sé as Arm na Saoránach.
 
== Seán Ó Cathasaigh agus Amharclann na Mainistreach ==

Roghchlár nascleanúna