Slí an Atlantaigh Fhiáin
Bealach turasóireachta feadh chósta thiar na hÉireann is ea Slí an Atlantaigh Fhiáin (Béarla: Wild Atlantic Way). D'fhógair ar oscailt í i mí Fheabhra na bliana 2014. Bealach tiomána carr í a théann ó Leithinis Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall ó dheas go Cionn tSáile i gChontae Chorcaí.[1] Ag an cheann thuaidh ceanglaíonn sé le Causeway Coast, bealach turasóireachta ar feadh chósta Thuaisceart Éireann. Cuirtear áiteanna agus foirgnimh shuimiúla feadh an rúta in iúl don taistealaí. Rinneadh Slí an Atlantaigh Fhiáin ag nascadh boithre áitiúla a chloíonn chomh daingean le bearnaíl an chósta go bhfuil an rúta timpeall is 2,500 km (1,500 míle slí) ar fad, an rúta turasóireachta is faide ar domhan den chineál seo.[2]
An bealach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad seo a leanas cuid de na príomháiteanna suimiúla ar an mbealach seo:
- An tIarthuaisceart
- Cionn Mhálanna, an áit is faide ó thuaidh in Éirinn
- Bun Dobhráin
- An Mullach Mór
- An Tulachán, Contae Liatroma
- An tIarthar
- Achaidh Chéide
- An Muirthead
- Acaill
- Cuan Mó
- Cruach Phádraig
- Oileán Chliara
- Inis Toirc
- Dumha Locha
- An Caoláire Rua
- Conamara
- Inis Bó Finne
- An Clochán
- Bóthar na Trá
- An tIarthar láir
- An Bhoireann
- Aillte an Mhothair agus Cosán Aille Dhúlainn
- Ceann Léime
- Inbhear na Sionainne agus deilfeanna na Sionainne
- An Iardheisceart
- An tOileán Mór
- Ballaigh An Bhlascaod Mhóir
- An Seancheann i gCionn tSáile
Clár TG4
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sraith chlár teilifíse faoi thuras na slí (Féilte - Slí an Atlantaigh) á déanamh ag TG4, léirithe ag Síle Ní Bhraonáin.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nascanna seachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Wild Atlantic Way Curtha i gcartlann 2014-10-19 ar an Wayback Machine Slí an Atlantaigh Fhiáin ag suíomh Turasóireacht Éireann
- Wild Atlantic Way Suíomh neamhoifigiúil leis an rúta ina iomlán
- Féilte - Slí an Atlantaigh ag TG4 Curtha i gcartlann 2015-07-05 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ [1] "Ireland's Wild Atlantic Way: Heading West On Adventure", alt ag an Huffington Post, arna rochtain ar 8 Iúil 2014
- ↑ [2] "Ireland's Wild Atlantic Way Aims to Rival California's Pacific Coast Highway", alt sa Belfast Telegraph, arna rochtain ar 8 Iúil 2014
- ↑ http://www.tg4.ie/ie/programmes/feilte/home.html Curtha i gcartlann 2015-07-05 ar an Wayback Machine Féilte - Slí an Atlantaigh, TG4, 2014