Sergei Prokofiev

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sergei Prokofiev
Sergei Prokofiev 02.jpg
Saol
Eolas breitheSontsivka (en) Aistrigh, 23 Aibreán 1891, 11 Aibreán 1891 (sa féilire Iúil), 23 Márta 1891
NáisiúntachtImpireacht na Rúise
An tAontas Sóivéadach
BásMoscó, 5 Márta 1953
Áit adhlacthaNovodevichy Cemetery (en) Aistrigh
Cúis bháis (rith fola ceirbreach)
Muintir
Céile/CéilíLina Llubera
Mira Mendelssohn (en) Aistrigh
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materSaint Petersburg Conservatory (en) Aistrigh
TeangachaAn Rúisis
MúinteoiríReinhold Glière (en) Aistrigh
Nikolai Rimsky-Korsakov
Nikolai Tcherepnin (en) Aistrigh
Anna Yesipova (en) Aistrigh
Mic léinnMark Eddinger
Gairm
Gairmcumadóir, pianódóir, stiúrthóir ceolfhoirne, cóiréagrafaí, ceoleolaí, cumadóir scóir scannáin, ceoltóir, údar agus leabhrógaí
Saothar iomráiteachSymphony No. 1 (en) Aistrigh
Symphony No. 4 (en) Aistrigh
Symphony No. 2 (en) Aistrigh
L'Amour des trois oranges
Peter and the Wolf (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtUnion of Soviet Composers (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaíneceoldráma
siansa
bailé
ceol clasaiceach
Uirlis cheoilpianó
Cleamhnú
ReiligiúinAn tAindiachas
IMDbnm0006241
sprkfv.net
Discogs ID621694
Sergei Prokofiev Signature.svg

Rugadh Sergei Prokofiev sa Rúis ar an 23 Aibreán 1891. Thosaigh sé ag cumadóireacht ceol ag tús an 20ú haois, agus anois glactar gurb é duine de na cumadóirí ba thábhachtaí ón am sin. Scríobh sé píosaí ar nós Петя и волк (Gaeilge, "Peadar agus an mac tíre") agus The Love of Three Oranges. Fuair sé bás ar an 5 Márta 1953; bhí sé 61 bliain d'aois.

Prokofiev, 9 mbliain d'aois, agus an ceoldráma'The Giant'

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Prokofiev i Sontsovka san Úcráin. Fuair sé inspioráid óna mháthair nuair a sheinn sí an pianó sna hoícheanta – de ghnáth Chopin agus Beethoven – agus dá bharr scríobh sé a chéad phíosa ceoil ag aois a cúig, Indian Gallop, bhí sé sa mhód Lidiach, mar ní raibh fonn air na nótaí dubha a úsáid. Ag aois 7 d’fhoghlaim sé conas ficheall a imirt. Bhí grá aige don fhicheall ar feadh a shaol ar fad. Ag aois 9 bhí sé ag cumadh a chéad cheolchoirm, The Giant, chomh maith le overture agus roinnt píosaí eile.

Serguei Prokofiev le Rostropovich

Sa bhliain 1902, bhuail máthair Prokofiev le Sergei Taneyev, stiúrthóir don Moscow Conservatory. Dúirt sé go raibh air ranganna a fháil ó Alexander Goldenweiser. Níor tharla sé seo, ach faoi dheireadh chaith sé an samhradh le Reinhold Glière. Ag deireadh an tsamhraidh bhí Prokofiev tar éis siansa a scríobh.  

Na blianta tar éis é seo thosaigh Prokofiev ag úsáid stíleanna aite ina cheol, m.sh. díshondas agus am chomhartha ait. Scríobh sé roinnt píosaí beaga don phianó ag an am sin ar a ghlaoch sé "ditties". Tar éis tamaill, bhog sé chuig St Petersburg. Bhí Nikolai Rimsky-Korsakov mar cheann de na múinteoirí.

I 1910, fuair athair Prokofiev bás agus stop sé ag fáil airgid uaidh.

Teaghlach Prokofiev, 1936

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1914, bhí buachan gan dua ag Prokofiev i gcomórtas pianó. Chuaigh sé chuig Londain agus scríobh sé a chéad bhailé.

I rith an chéad chogadh domhanda, chuaigh Prokofiev ar ais chuig scoil chun coinscríobh a sheachaint. I 1916 scríobh sé a chéad siansa, 'Classical'. Tá sé sa stíl neoclasaiceach. I 1918 chuaigh sé chuig Meiriceá.

Thosaigh Prokofiev a shaol I Meiriceá le ceolchoirm I Nua-Eabhrac. Scríobh sé The Love of Three Oranges i rith an ama seo. Fuair an stiúrthóir bás, agus dá bharr níor tháinig sé amach ag an am ceart. Bhí air bogadh go Páras mar chaill sé an iomad airgid.

1991

Sa bhliain 1923 phós sé Lina Llubera (Carolina Codina).

Sa bhliain 1929 rinne sé damáiste dá lámh i dtimpiste bhóthair. I 1936, bhog sé ar ais chuig an Rúis. Bhí rialacha nua i bhfeidhm sa Rúis ag an am sin agus d'athraigh ceol Prokofiev dá bharr. I 1941 rinne sé ceolchoirm as an leabhar War and Peace (Cogadh is Síocháin). Thóg sé dhá bhliain chun é a scríobh. D'fhág sé a bhean chéile I rith an ama sin, ach níor fuair siad colscaradh.

reilig Novodevichy

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Марка Почты России 1981

Bhí Prokofiev an-tinn ar feadh ocht mbliain roimh a bhás.

Fuair Prokofiev bás ag aois 61 ar an 5 Márta 1953, an lá céanna le Josef Stalin. Ag an am sin bhí sé ina chónaí in aice le Red Square, agus ní raibh siad ábalta a choirp a bhogadh ar feadh trí lá mar bhí an slua chomh mór sin lasmuigh dá theach. Dúradh gur tharla rith fola ar a inchinn. Anois níl muid róchinnte céard a bhí ina thrúig bháis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]