Seán Tuathmhumhain Ó Briain
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Meitheamh 1786 Bealach Conglais |
Bás | 1 Meitheamh 1861 74 bliana d'aois Liospóin, An Phortaingéil |
Áit adhlactha | Reilig Recoleta |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saighdiúir |
Teangacha | An Spáinnis |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | United Provinces of the Río de la Plata (en) |
Ba shaighdiúir Éireannach é Seán Tuathmhumhain Ó Briain[1] (Béarla: John Thomond O'Brien, Spáinnis: Juan Thomond O'Brien) (Cill Mhantáin, Éire, Meitheamh 1786 – Liospóin, an Phortaingéil, Meitheamh 1861) a ghlac páirt i gcogaí neamhspleáchais Mheiriceá Theas.[2][3][4][5] Thug sé dílseacht don Airgintín agus níos déanaí do Chónaidhm Pheiriú agus na Bolaive. Bhí sé ina rúnaí agus ina aide-de-camp don Ghinearál José de San Martín.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saighdiúir agus mairnéalach ba ea é ina óige, agus throid sé sa Spáinn i gcoinne Napoleon Bonaparte.
Shroich sé Río de la Plata sa bhliain 1812 agus rún aige díriú ar an tráchtáil. Dar le daoine eile, bhí sé ina chúntóir míleata a sheol arm na Ríochta Aontaithe chun smacht a choinneáil ar José de San Martín agus Carlos María de Alvear. Go gairid tar éis dó teacht i dtír, chláraigh sé mar oifigeach i Reisimint Capall Grenadier San Martín, ach dhiúltaigh sé sin céim níos airde a thabhairt dó.
Faoi orduithe José Matías Zapiola chuaigh sé go dtí Stráice Thoir Mheiriceá Theas sa bhliain 1814, áit ar ghlac sé páirt in éineacht le hAlvear i léigear Montevideo. D'fhan sé ansin faoi orduithe an Choirnéil Miguel Estanislao Soler, go dtí gur tharraing Buenos Aires an t-arm a bhí dílis don Stiúrthóireacht siar i gCath Guayabos.
D'iarr sé go scaoilfí amach as an arm é, ach níor fada gur chuaigh sé isteach in Arm na nAindéas. Ba é aide-de-camp San Martín é i gcathanna Chacabuco agus Maipú. Cuireadh é chun dul sa tóir ar an nGinearál Mariano Osorio, ach chuir sé am amú ag gabháil príosúnach, mar sin níor éirigh leis teacht suas leis. Ba é an t-aon fhinné ar an scéal cáiliúil – creideann staraithe eile gurb é féin a chum – gur scrios San Martín comhfhreagras Osorio i ndiaidh Maipú, ag maitheadh laige mhuintir na Sile a chuaigh i mbun idirbheartaíochta leis an gceannaire ríogaí tar éis Iontais Cancha Rayada.
Nuair a bhí deireadh le feachtas na Sile ó Dheas, fuair sé cead bheith as láthair, agus thug sé cuairt ar Éirinn lena linn sin. Ag deireadh na bliana 1819 bhí sé ar ais sa tSile.
Sa bhliain 1820, tar éis dó a bheith ar dhuine de shínitheoirí Acht Rancagua, bhí sé mar chuid d'Fheacht Fuascailte Peiriú. Chuaigh sé in éineacht le San Martín i bhfoslongfort Huaura agus ar dhul isteach dó i Líoma. Bhí sé ar dhuine díobh siúd a bhí i láthair nuair a síníodh Ráiteas na Saoirse Lima, agus seoladh é le trófaithe cogaidh go Santiago de Chile agus Buenos Aires.
D’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1823, tar éis chúlú San Martín. Rinne sé iarracht ansin comhlachtaí coilínithe a eagrú chun Éireannaigh a chur ina gcónaí i Meiriceá Theas, ach níor éirigh leis. Ní raibh na húdaráis i Sasana fabhrach don bheartas seo. Beirt ó Cho. na hIarmhí a chuaigh ar ais leis, Liam Ó Maonaí agus a chliamhain Pádraig Bookey.[1]
D’fhill sé ar Buenos Aires sa bhliain 1825, agus as sin chuaigh sé go dtí na Bolaive, áit ar bhronn an marascal Antonio José de Sucre mianach airgid air. Ní fhéadfadh sé leas a bhaint as ámh, ar chúiseanna sláinte.
Lorg Ó Briain tacaíocht i mBuenos Aires d'fheachtas Dhónaill Uí Chonaill ar son fuascailte na gCaitliceach in Éirinn.[1]
Ag filleadh ar an Eoraip arís, bhuail sé le San Martín sa Bhruiséil. Thaistil sé go Buenos Aires go gairid roimhe sin, agus rinneadh leifteanantchornéal de in arm Juan Lavalle, fear a bhí tar éis an post mar ghobharnóir Buenos Aires a athghabháil. Sa bhliain 1834 rinne an gobharnóir Manuel Vicente Maza é a urscaoileadh as an arm.
Bhog sé go dtí Garbhchríocha na hAmasóine i bPeiriú, áit ar thug sé faoin gcuardach le haghaidh óir. Chuaigh sé isteach in arm Andrés de Santa Cruz mar ghinearál, le linn chogaidh Chónaidhm Pheiriú agus na Bolaive i gcoinne Chónaidhm na hAirgintíne. Rinne sé iarracht taisteal go Buenos Aires mar ionadaí taidhleoireachta ar son Santa Cruz, ach níor tugadh aitheantas dá mhisean taidhleoireachta ceaptha agus gabhadh é. Níor scaoileadh saor é ach le hidirghabháil na Sasanach agus é sin féin tar éis na míonna.
Chuaigh sé go hUragua, áit ar chuir sé faoi ina rainseoir; bhí sé ina chomhghuaillí polaitiúil le Fructuoso Rivera. Tar éis chath Arroyo Mhóir (1842), rinne na blancos creach ar a thailte.
Taidhleoireacht Idirnáisiúnta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Ó Briain taiscéalaíocht ar cheantar na hAmasóine agus chuir sé faoi níos déanaí sa Stráice Thoir, réigiún inar lonnaíodh a hacienda, a scrios saighdiúirí Juan Manuel de Rosas. Chuir Fructuoso Rivera, arbh é an t-uachtarán é, chun na Breataine Móire é, á ceapadh ina ardchonsal chun na Breataine Móire agus chun na hÉireann.[2][3] Bhí sé ina ambasadóir ag Rivera chun na Breataine Móire agus na hÉireann, agus rinne sé cosán dearg den turas idir an Río de la Plata agus Londain.
Thug sé cuairt ar Buenos Aires arís go gairid tar éis Chath Caseros. D'fhág sé an Río de la Plata go deo tar éis titim an deachtóra Venancio Flores sa bhliain 1854.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1861 thosaigh sé amach ar thuras nua go Buenos Aires, ach fuair sé bás i mí an Mheithimh, i Liospóin.
Aischuireadh a chuid taisí go Buenos Aires sna 1930idí agus cuireadh i dtaisce é i dhá thuama ar a laghad i Reilig Recoleta. Bhí tuama Bernardino Rivadavia ar ceann amháin díobh seo, agus tar éis gur leagadh an tuama sin, i 1950 d'oscail an tUachtarán Perón másailéam an Leifteanant-Ghinearál Riccheri ar an láthair chéanna, áit ar fhan sé go dtí gur aistríodh go Mendoza é. Ar an 20 Eanáir 2017, tháinig a chuid iarsmaí go Mendoza, áit a luífidh siad i bPáirc na Staire, El Plumerillo.
Ómós
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis na mbuanna a bhaineadh i bPeiriú sa bhliain 1821 agus a ardú céime go cornal, bronnadh Orden del Sol (Ord na Gréine) ar Ó Briain, agus ina dhiaidh sin an pailliún órga Francisco Pizarro, a bhíodh in úsáid i mórshiúlta ag Fir Ionaid an Rí i bPeiriú.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Cathal Caomhánach (2011). "Scéal na nGael san Airgintín". Irisleabhar Mhá Nuad: 163-175. ISSN 0791-4709. lch 166
- ↑ 2.0 2.1 “La historia que no nos contaron. O'Brien, John Thomond (1786-1861)” (español). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 de octubre de 2008. Dáta rochtana: 20 de agosto de 2009.
- ↑ 3.0 3.1 Todo Argentina.net. “O'Brien, John Thomond (1786-1861)” (español). Dáta rochtana: 20 de agosto de 2009.
- ↑ “Árbol Genealógico. John Thomond O'Brien & Manuela de la Herrán León” (español). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 de mayo de 2009. Dáta rochtana: 21 de agosto de 2009.
- ↑ 5.0 5.1 “Dictionary of Irish Latin American Biography” (inglés). Dáta rochtana: 21 de agosto de 2009.
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cutolo, Vicente, foclóir beathaisnéise Nua na hAirgintíne, 7 n-imleabhar, Ed. Elche, Bs. Ais. , 1968-1985.
- Mitre, Bartolomé, Stair San Martín agus fuascailt Mheiriceá Theas . Ed. Eudeba, Bs. Ais. , 1968.