Séamus Seosamh Ó hAodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSéamus Seosamh Ó hAodha
Beathaisnéis
Breith18 Bealtaine 1881
Bás23 Eanáir 1943
61 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Uí Chonaill Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúdar, ceardchumannaí, amhránaí, cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an Ghaeilge, an Fhraincis agus an Iodáilis
UirlisCeol gutha

Ceardchumannaí, réabhlóidí, cumadóir, agus státseirbhíseach Éireannach ab ea Séamus Seosamh Ó hAodha (Béarla: Seamus HughesJames Joseph Hughes; 18 Bealtaine 1881 – 23 Eanáir 1943).[1]

Rugadh i ngar do Chearnóg Mhuinseo, Baile Átha Cliath, é. Báicéir as Contae Uíbh Fhailí ab ea a athair, James Hughes. Fuair a mháthair bás leis an eitinn nuair a bhí sé sé bliana d’aois. D’fhreastail sé ar Scoil Uí Chonaill agus chaith sé tamall i gcliarscoil Dhoiminiceach in Voiron na Fraince. Mhúin sé an Fhraincis i gColáiste an Droichid Nua agus bhí sé ina chléireach i ngnólacht a d'easpórtáil uibheacha. Phós sé Josephine Hackett as Baile an Mhuilinn, Baile Átha Cliath i 1912; bhí cúigear clainne acu. Bhí sé ina bhall de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann agus de Pháirtí Poblachtach Sóisialach na hÉireann. Ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca mar bhall d'Arm Cathartha na hÉireann agus cuireadh i bpríosún é dá bharr sin go dtí Bealtaine 1917. Bhí sé ina rúnaí gníomhach ar Cheardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann fad is a bhí Séamas Ó Lorcáin thall i Meiriceá, ach chuir William O’Brien an ruaig air. Gabhadh é i Halla na Saoirse tar éis Dhomhnach na Fola 1920. Chuaigh sé isteach i státseirbhís na hÉireann faoin Rialtas Sealadach 1922 agus ba é an chéad rúnaí ar Chumann na nGaedheal é. Bhuail Seán Lemass é ar éigean i bhfothoghchán Dála i 1924. Ó 1925 amach, d’oibrigh sé in 2RN, Radio Éireann níos déanaí, agus rinneadh stiúrthóir clársceidealaithe de i 1929. Ghlac Frank Gallagher an chuid is mó dá chúramaí i 1935, rud a d’fhág na cláir Ghaeilge amháin le Ó hAodha. Le linn na hÉigeandála, tugadh ról nua dó le cinsireacht an phoist.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]