Séamus Ó Creag
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1861 Droim na Saileach |
Bás | 15 Meán Fómhair 1934 72/73 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Áit adhlactha | Reilig Chnocán Iaróm |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, duine léannta, múinteoir |
Múinteoir, scríbhneoir, agus scoláire Gaeilge ab ea Séamus Ó Creag (1861–1934).[1] Rugadh do chlann mhór Ghaelach é i nDroim na Saileach[2] i gceantar na nGleanntach, Contae Dhún na nGall, ar an 14ú Meán Fómhair 1863. Ba fheirmeoir i Ros Beag a athair, Pádraig, agus ba í Máire Gildea ó Mhín na Tine sna Gleannta a mháthair.
Luathshaol agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair sé bunscolaíocht i nGort na Muclach[3] ar an Mhaol Mhór, agus ag Doire Luacháin[4](gan ach cúpla míle ó Mhín na Teineadh) go dtí 1876. Ní raibh sé ach sna déaga luatha nuair a d'éag an t-athair agus an mháthair. Chaitheadh sé cuid mhaith ama ag muintir a mháthara i Mín na Teineadh.
Chuaigh Séamus go scoil Dhoire Bheacháin ar feadh sé mhí in 1882, agus ann in 1883, chuaigh sé go dtí Coláiste na Carraige Duibhe (Baile Átha Cliath) agus in 1888 ar aghaidh go dtí an Séminaire des Missions de Chevilly-Larue (Páras), agus é ar intinn aige a bheith ina shagart. Dar le Muiris Ó Droighneáin gur mar gheall ar dhrochshláinte a d’fhill sé abhaile.
Gairmréim agus a dhúil sa Ghaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhill sé abhaile in 1890 agus chaith sé tamall ag múineadh i Scoil Dhoire Luacháin; ansin i nDurlas Éile ag na Bráithre Críostaí (1891–1894), i gColáiste Naomh Colum Cille, Doire (1894–1897), agus tamall i gColáiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn (1897–1921).
Nuair a chuaigh sé go Coláiste na Carraige Duibhe, bhí sé bliain is fiche d'aois, ba sin an uair a thuig sé gur teanga scríofa a bhí sa Ghaeilge. Ach na leabhair theagaisc a fuair sé ann, b'fhada an teanga stalcach a bhí iontu ón Ghaeilge bheo a chuala sé óna óige i dTír Chonaill. Chuir sé roimhe féin córas a chruthú chun scríobh na Gaeilge a theagasc do lucht a labhartha. Ní haon ábhar iontais é go bhfuil an focal “modern” chomh minic sin i dteideal a chuid leabhar. Tháinig a chéad leabhar Modern Irish amach in 1896, agus a leabhar deireanach 'Gramar agus Cumú Cainnte' roimh 1929. Foilsíodh an chuid is mó de na leabhráin seo ó shiopa éadaí a dhearthár, Denis, i nDoire.
Baineadh úsáid as a chuid leabhar ar scoil, i ranganna tráthnóna, agus ag daoine sa bhaile. Bhí Niall Mac Giolla Bhrighde ar dhuine den mhuintir a d'fhoghlaim scríbhneoireacht na Gaeilge sa bhaile uathu. Le linn an Creagach bheith ag teagasc i gColáiste Ádhamhnáin, chuaigh go leor de scríbhneoirí Gaeilge Thír Chonaill den fhichiú haois tríd an scoil. Ach sa deireadh b'éigean don Chreagach éirí as a chuid leabharthaí ina scoil féin nó níorbh í Gaeilge bheoga Thír Chonaill a bhí ag teastáil sna scrúduithe ach Gaeilge na seachtú haoise déag.
Bhí nós ag an Chreagach litriú na Gaeilge a shimpliú, ar dhóigh a d'fhóir don chaint i nGaeltacht Thír Chonaill. Mhéadaigh ar an chleachtadh seo aige le himeacht na mblianta, agus thug sé sin leithscéal do na húdaráis neamhaird a thabhairt ar a chuid oibre (cé nár bhac leo go raibh an cleachtadh céanna ag Peadar Ó Laoghaire, a shimpligh an litriú i dtreo Ghaeilge na Mumhan; bhí meas nár bheag ag Mac Uí Laoghaire agus ag an Chreagach ar a chéile, mar a tharla).
B'fhiú alt iomlán a thabhairt do chóras litrithe an Chreagaigh. Anseo, ní déarfaimid ach gur cháin Seaghán Mac Meanman[5] an córas (i measc nithe eile, ar an ábhar go ndearna sé siolla amháin as focail mar gabhar, leabhar, siubhal, croidhe[6]; agus in easaontas i 1902 idir Eoin Mac Néill agus an tAthair Micheál Ó Maoláin ar an bhfoghraíocht, agus gur tharraing an dá thaobh ar obair sn Chreagaigh mar thacaíocht.
Ins an tréimhse seo fosta bhí Séamus ar maothas in obair “Chrann Eithne”, eagraíocht a bhunaigh an tEasbog Ó Domhnaill i 1909 le seachadadh na Gaeilge taobh istigh den teaghlach a neartú. Bhí sé ina eagarthóir ar iris na gluaiseachta[7]
Theagascadh sé Gaeilge agus Ceol i gColáiste Ádhamhnáin. Bhunaigh sé cór Gaelach i Leitir Ceanainn. Chum sé amhráin — ina measc “Cruacha Glas' na hÉireann”; chuir sé Gaeilge ar amhráin Bhéarla — ina measc “Ní fheicfear níos mó thú a mhuirnín”; agus chóirigh sé a chuid ceoil fá choinne cóir.
Chaith sé na blianta 1921-24 ag múineadh i gColáiste Chluain Eoghain, Co Chill Dara, agus d'fhill sé ar Choláiste Ádhamhnáin 1926-29.
Scríobh sé téacsleabhair agus leabhair ghramadaí agus d’athinis sé seanscéalta; Clann Lir, Clann Tuireann, agus Clann Uisnigh.
Chum sé roinnt amhrán idir cheol agus fhocail, agus roinnt amhrán.
Bhí baint ag Séamus Ó Creag le bunú Chrann Eithne, eagras Gaeilge an Easpaig Pádraig Ó Domhnaill, i 1908 agus ba é an chéad eagarthóir é ar An Crann (1908–24).
Ag 1 Ascaill Garville, Ráth Garbh, Baile Átha Cliath, a bhí sé ina chónaí nuair a fuair sé bás 15 Meán Fómhair 1934. Tá sé curtha i Reilig Chnocán Iaróm, in aon uaigh le Margaret a fuair bás bliain roimhe sin.
Foilseacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Modern Irish (1896)
- Modern Irish grammar (1900)(a grammar of the Donegal dialect)
- Studies in Irish composition, (1901)
- An Ceoltóir, 1901
- Progressive studies in Irish, 1906,
- An Craoibhin Ceoil (1908)
- Clann Lir (1901)
- Clann Tuireann, (1902)
- Clann Uisnigh (1902)
- Iasgaireacht Shéamuis Bhig (1904)
- An Craoibhín ceoil, (1908)
- Sgéalta sgurtha, (1911)
- An Craoibhín úr, (1920)
- Teagasg na máthara, (1921)
- Óirsgéal an chreidimh, (1924)
- Gramar agus cumú cainte, (1926)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CREAG, Séamus (1863–1934) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ Droim na Saileach
- ↑ Gort na Muclach>
- ↑ Doire Luacháin
- ↑ MAC MEANMAN, Seaghán (1886–1962)
- ↑ [An Creagach,” Derry Journal 1934/10/05 lch 6]
- ↑ “An Crann: Chum glóire Dé agus onóra na hÉireann”, Meascra Uladh III (2004), ag lgh 155 -186