Jump to content

Niall Mac Giolla Bhrighde

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNiall Mac Giolla Bhrighde

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1861
Faiche Mhór, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1942
80/81 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

Feirmeoir, file, údar, agus scríbhneoir amhrán as Faiche Mhór, An Craoslach, Dún na nGall ab ea Niall Mac Giolla Bhrighde (1861–1942).[1] Bhain sé clú agus cáil amach freisin as agóid a rinne sé in aghaidh fíneála a gearradh air as a ainm a bheith scríofa i nGaeilge ar a chairt ghnó.

Feirmeoir agus file

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Mac Giolla Bhrighde a shaol ar fad sa sráidbhaile beag Faiche Mhór. Bhí sé ina chónaí ar bhunchnoc de chuid na Mucaise, agus shaothraigh a chuid mar fheirmeoir agus mar fhile. D’fhoilsigh sé leabhar filíochta sa bhliain 1905 darbh ainm Blatha Fraoich.[2] Bhí aithne mhaith ar dhánta agus ar amhráin Mhic Giolla Bhrighde (i mBéarla agus i nGaeilge) ar fud na hÉireann, mar shampla “Mo Chró Beag ag Bun Chnoc a' Tighe”, “An Cleamhnas Gaedhealach”, “Ag smaointeadh ar an am a bhí”, agus “An t-Sean Bhean Bhocht”.

Cás cúirte cáiliúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feirmeoireacht an cheird a bhí ag Mac Giolla Bhrighde, agus bhí de dhualgas ar aon duine a raibh cairt ghnó aige ainm an úinéir a thaispeáint i mBéarla ar an gcairt. Tráthnóna 11 Márta 1905, agus é ag filleadh abhaile ó Aonach Dhún Fionnachaidh, baile beag in aice láimhe, stop agus cheistigh garda Sasanach Mac Giolla Bhrighde mar gheall ar scríbhneoireacht ‘dholéite’ (Gaeilge) a bheith ar a chairt asail: “N. MAC GIOLLA ḂRIĠDE FIOḊ-MÓR Gearradh fíneáil scilling amháin air as an gcoir seo. Cara de chuid Mhic Giolla Bhrighde agus comhfhile, Andrew Mac Intyre, a rinne an comhartha. Dhiúltaigh Niall an fhíneáil a íoc, agus chosain sé é féin sa chúirt ghearr i nDún Fionnachaidh. Chaill sé an cás, agus gearradh scilling breise air tar éis dó diúltú a íoc. 

Tháinig scéal Mhic Bhrighde roimh Chonradh na Gaeilge agus rinne siad iarracht cuidiú leis. Nuair a chonaic duine de bhallraíocht an Chonartha, an t-aturnae Pádraig Mac Piarais, go raibh deis aige neamhspleáchas na hÉireann a chur chun cinn, dúirt sé go gcosnódh sé Mac Giolla Bhrighde ar bhonn pro bono. Tugadh an t-achomharc os comhair Chúirt Bhinse an Rí i mBaile Átha Cliath. Ba é seo an t-aon uair riamh a bhí an Piarsach i gcúirt dlí mar abhcóide. Cailleadh an cás, ach spreag sé an Piarsach ina obair mar ghníomhaí polaitíochta agus spreag sé feachtas náisiúnta chun polasaithe rialtas na Breataine i dtreo na Gaeilge a athrú.[3] Scríobh an Piarsach faoi chinneadh na cúirte ina cholún i nuachtán Chonradh na Gaeilge, An Claidheamh Soluis ar 27 Meitheamh 1905: "...it was in effect decided that Irish is a foreign language on the same level with Yiddish." Mhol sé do mhuintir na hÉireann an Ghaeilge a chur chun cinn mar chuid den náisiúnachas Éireannach.[4][5]

Plaque at Dunfanaghy Market Square
Plaic eibhir greanta suite ag Cearnóg an Mhargaidh i nDún Fionnachaidh in ómós do Niall Mac Giolla Bhrighde agus do Phádraig Mac Piarais, scríofa i nGaeilge agus i mBéarla. (Grianghraf le Pearse Doherty)
  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC GIOLLA BHRÍDE, Niall (1861–1942) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Mac Giolla Bhríde (1905). "'Blátha Fraoich' ('Heather Blossoms') Songs in Irish and English". Dublin: Whaley & Co.. 
  3. An Trucailín Donn”. www.northernirelandscreen.co.uk. Northern Ireland Screen (8 January 2016). Dáta rochtana: 14 April 2016.
  4. Desmond (2009). "The Man Called Pearse". BiblioBazaar. 
  5. McGill (1966). "Pearse Defends Niall Mac Giolla Bhríde in Court of King's Bench, Dublin". Donegal Annual 1966: 83–85.