Richard Sorge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Spiaire Sóivéadach agus gníomhaí Cumannach ón nGearmáin ab ea Richard Sorge (Bakı, an Asarbaiseáin - cuid d'Impireacht na Rúise san am - 4 Deireadh Fómhair 1895 - Tóiceo, an tSeapáin 7 Mí na Samhna 1944) a bhí ag obair ina iriseoir sa Ghearmáin Naitsioch agus sa tSeapáin i rith an Dara Cogadh Domhanda. Bhí sé ar dhuine de na spiairí ba thábhachtaí de chuid Stailín san am, ach cé gur thug sé rabhadh don deachtóir roimh ré, níor tugadh aird ar a raibh sé a rá. Ní raibh lucht frithspiaireachta na Gearmáine in ann a aithint go raibh sé ag obair don Aontas Sóivéadach, ach san am chéanna bhí na Seapánaigh ní ba chumasaí, agus ghabh siad é i nDeireadh Fómhair, 1941. Chaith Sorge trí bliana deireanacha a shaoil i bpríosún Sugamo, áit ar cuireadh chun báis é sa deireadh.

A Shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Sorge i mbruachbhaile de chuid Bakı in Impireacht na Rúise (inniu, an Asarbaiseáin). Innealtóir mianadóireachta ón nGearmáin ab ea a athair, Wilhelm Richard Sorge, a bhí ag obair do ghnólacht artola Chugais san am, agus Rúiseach ab ea a mháthair, Nina Semyonovna Kobeleva. Cúpla bliain i ndiaidh bhreith an mhic tháinig deireadh leis an gconradh oibre a bhí ag a athair leis an ngnólacht, agus b'éigean don teaghlach aghaidh a thabhairt ar an nGearmáin arís.

Bhí dearcadh polaitiúil náisiúnaíoch impiriúlach ag athair Richard, ach san am chéanna bhí tinteán mhuintir Sorge an-difriúil le gnáth-thinteán buirgéiseach Gearmánach, ós Rúiseach a bhí i máthair an bhuachalla, agus atmaisféar iltíreach sa bhaile aige dá réir. Bhí lúb ghaoil acu le Friedrich Adolf Sorge, Cumannach Gearmánach a bhí ag caidreamh go dlúth le Karl Marx agus Friedrich Engels tráth. Shíl Richard óg gurbh é Friedrich a athair mór, cé nach raibh ann ach deartháir a athar mhóir.

Chuaigh Richard óg sna saighdiúirí nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, agus é ag déanamh seirbhíse i gcathlán airtléire. Ar an gCathéadan Thiar a bhí sé ag cur catha, is é sin in aghaidh na bhFrancach agus na Sasanach. I Mí na Márta 1916 ghoin srapnal é go tromchúiseach, nó chaill sé trí mhéar agus fágadh bacaíl ann go lá a bháis. Fuair sé céim suas agus bronnadh an Chros Iarainn air in éiric a chrógachta, agus tugadh cead abhaile dó de thoradh a dhíshláinte. Chaill sé a dhóchas as an impireacht Ghearmánach, áfach, agus chuaigh sé leis an eite chlé radacach i gcúrsaí polaitíochta.

Nuair a bhí sé ag fáil bhisigh san otharlann, bhí sé ag léamh scríbhinní Karl Marx, agus rinneadh Cumannach de. Bhí scéal grá de shórt éigin le bean de bhanaltraí na hotharlainne, agus athair an chailín ina Chumannach a ndeachaigh a shaoldearcadh i bhfeidhm ar Sorge. Chaith sé a raibh fágtha den chogadh ag staidéar eacnamaíochta in ollscoileanna éagsúla, idir Bheirlín, Kiel, agus Hamburg. Bhain sé amach céim ollscoile san eolaíocht pholaitiúil i Hamburg i Mí Lúnasa 1918. Chuaigh sé sa Pháirtí Chumannach freisin. Ní raibh obair ar fáil don Chumannach sa Ghearmáin, áfach, agus fuair sé riachtanach dul ar imirce go dtí an tAontas Sóivéadach áit a bhfuair sé post ag an Idirnáisiúntán Cumannach.

D'earcaigh seirbhísí faisnéise é mar ghníomhaí, agus ansin thug sé cuairt ar thíortha éagsúla san Eoraip ina iriseoir mar dhea, lena mheasúnú an raibh réabhlóid Chumannach indéanta iontu.

Chaith Sorge na blianta 1920-1922 i Solingen (suite i gcúige na Réine Thuaidh agus na Viostfáile sa Ghearmáin inniu), áit ar casadh Christiane Gerlach air. Bhí Christiane pósta roimhe sin ar an Ollamh le hEolaíocht Pholaitiúil Kurt Albert Gerlach. Bhí Kurt Albert Gerlach ina theagascóir ag Richard Sorge roimhe sin, in Ollscoil Kiel. Anois áfach thit an dís acu i ngrá le chéile, agus phós siad i Mí na Bealtaine 1921. Sa bhliain 1922 d'aistrigh Sorge go Frankfurt am Main le faisnéis a bhailiú faoin lucht gnó sa chathair. I samhradh na bliana 1923 ghlac sé páirt i gcomhcháil Mharxach in Ilmenau, Die Erste Marxistische Arbeitswoche ("An Chéad Seachtain Oibre Mharxach"). Níor stad sé den obair iriseoireachta ach an oiread, agus bhí lámh aige i gcruthú na leabharlainne do mheitheal mhachnaimh nua de chuid na Marxach i bhFrankfurt, "Instituid an Taighde Speisialta".

Sa bhliain 1933 i Moscó dó, scríobh Sorge leabhar faoi thalmhaíocht na Síne. Phós sé bean Rúiseach, Ekaterina Maksimova, a casadh air sa tSín.

I Mí na Bealtaine 1933 fuair Sorge tasc nua spiaireachta. Bhí sé le gréasán nua spiaireachta a eagrú sa tSeapáin. Is é an códainm a fuair sé ná Ramsay. Ar dtús chuaigh sé go Beirlín le coimisiúin iriseoireachta a mhealladh ó na nuachtáin sa tír sin a bhféadfadh sé úsáid a bhaint astu ar mhaithe leis an gcur i gcéill. Faoin am seo bhí Arm Kwantung, armchór Seapánach a bhí ag oibriú réasúnta neamhspleách ar stát na Seapáine féin sa tSín, tar éis an Mhanchúir i dTuaisceart na Síne a fhorghabháil, rud a chiallaigh go raibh teorainn talún ag an Aontas Sóivéadach leis an tSeapáin anois, agus eagla ar na Sóivéadaigh go raibh arm Kwantung le críocha cianoirthearacha an Aontais Shóivéadaigh a ionsaí is a ghabháil. San am seo ba chuma leis an Aontas Sóivéadach faoin nGearmáin Naitsíoch - ba í an tSeapáin Impiriúil an bhagairt ba mhó, dar leis na Sóivéadaigh.

Sa bhliain 1924 d'aistrigh Sorge agus Christiane go dtí Moscó, áit a ndeachaigh sé i Rannóg Idirchaidrimh an Idirnáisiúntáin Chumannaigh, eagraíocht a bhí ag bailiú faisnéise do na seirbhísí rúnda Sóivéadacha. Chomh sáite is a bhí Sorge san obair seo thit a phósadh as a chéile. Sa bhliain 1929 chuaigh Sorge i rannóg faisnéise an Airm Dheirg, nó GRU. Mhair sé a raibh fágtha dá shaol ag obair don rannóg seo.

Sa bhliain 1929 chuaigh Sorge go dtí an Ríocht Aontaithe le taighde a dhéanamh ar ghluaiseacht an lucht oibre ansin, ar stádas an Pháirtí Chumannaigh sa tír agus ar imthoscaí polaitiúla agus eacnamúla na tíre. Fuair sé orduithe fanacht glan ón bpolaitíocht agus gan é féin a chur in iúl d'aon duine.

I Mí na Samhna 1929 cuireadh Sorge go dtí an Ghearmáin. Ordaíodh dó dul sa Phairtí Naitsíoch agus gach teagmháil le lucht na heite clé a sheachaint. Fuair sé jab ón nuachtán feirmeoireachta Deutsche Getreide-Zeitung - mar chur i gcéill.

Sa bhliain 1930 tugadh orduithe dó dul go dtí Shanghai sa tSín, agus é ag cur gothaí an iriseora féin arís. Bhí sé ag scríobh do nuachtghníomhaireacht Ghearmánach agus don nuachtán Frankfurter Zeitung. Chuaigh sé i dteagmháil le spiaire eile, Max Clause, chomh maith le hUrsula Kuczynski, bean Ghearmánach a bhí ina gníomhaí Sóivéadach. Chuir sé aithne ar an iriseoir Gearmánach Agnes Smedley, agus ba í Smedley a chuir Hotsumi Ozaki in aithne dó. Bhí Ozaki ag obair don nuachtán Seapánach Asahi Shimbun, agus ós Cumannach a bhí ann faoi choim bhí sé sásta faisnéis a sholáthar do Sorge. Ba é a chaidreamh le Sorge ba chúis leis gur cuireadh Ozaki féin chun báis sa deireadh.

Ina iriseoir dó thug Sorge le fios go raibh suim aige i bhforbairt na curadóireachta is na feirmeoireachta sa tSín. Ba mhaith an tsiocair é le taisteal a dhéanamh faoin tuath agus dul i dteagmháil le Cumannaigh Shíneacha. In Eanáir 1932, d'éirigh ina chogadh dearg idir na trúpaí Síneacha agus Seapánacha i Shanghai ("eachtra an 28ú Eanáir"), agus Sorge i láthair ag tabhairt tuairisce do na meáin. I ndeireadh na bliana céanna fuair sé ordú filleadh go Moscó.

I Moscó dó, scríobh Sorge leabhar faoi thalmhaíocht na Síne. Phós sé bean Rúiseach a casadh air sa tSín agus a thug sé leis go Moscó, Ekaterina Maksimova.

Ansin fuair sé misean nua ó na seirbhísí faisnéise: bhí sé le dul go dtí an tSeapáin le gréasán nua spiairí a fhruiliú is a eagrú ansin. Ar dtús chuaigh sé go dtí an Ghearmáin le coimisiúin iriseoireachta a mhealladh ó na nuachtáin, ionas go mbeadh siocair aige le fanacht sa tSeapáin. Faoin am seo bhí Armchór Kwantung, armchór Seapánach a bhí ag gníomhú réasúnta neamhspleách ar stát na Seapáine, tar éis cúige na Manchúire i dtuaisceart na Síne a fhorghabháil - bhí an ceantar fógartha ina stát neamhspleách faoin ainm Manchukuo, ach le fírinne ní raibh ann go praiticiúil ach cúige de chuid na Seapáine, agus mar sin d'fhéadfá a rá go raibh teorainn talún ag an Aontas Sóivéadach leis an tSeapáin, rud a bhí ina chúis mhór eagla agus mhíshuaimhnis ag na Sóivéadaigh - bhí faitíos orthu go n-ionsódh Armchór Kwantung críocha Cian-Oirthearacha an Aontais Shóivéadaigh.

I mBeirlín dó lorg Sorge aitheantas le baill de chuid an Pháirtí Naitsíoch. Cé go mbíodh sé ag freastal ar thithe ólacháin in éineacht leis na "cairde" nua, staon sé ó dheochanna meisciúla, ó bhí an dainséar ann go sciorrfadh an focal mícheart uaidh agus é ar meisce. Le fírinne bhí Sorge sách tugtha don ól, agus ina dhiaidh sin bhí an nós druncaireachta le dochar a dhéanamh dá chuid oibre, ach sa tréimhse áirithe seo bhí sé in ann srianta a chur leis féin.

D'éirigh leis coimisiúin iriseoireachta a shocrú ó dhá nuachtán Gearmánacha, mar atá, an Berliner Börsen-Zeitung agus an Tägliche Rundschau chomh maith leis an Geopolitik, iris theoiriciúil de chuid na Naitsithe. Chomh maith is a bhí Sorge ag cur gothaí an Naitsí air féin bhí Joseph Goebbels, aire bolscaireachta na Gearmáine, ag an dinnéar a chóirigh Sorge le slán a fhágáil ag lucht a aitheantais sa Ghearmáin sular thug sé aghaidh ar an gcoigríoch arís.

Ina dhiaidh sin chuaigh Sorge go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus stop sé i Nua-Eabhrac i Mí Lúnasa 1933. Bhain sé amach Yokohama sa tSeapáin ar an 6 Meán Fómhair. Sa tSeapáin dó thosaigh sé ag scríobh don Frankfurter Zeitung chomh maith, agus ó ba é an Frankfurter Zeitung an nuachtán ba mhó le rá sa Ghearmáin, bhí sé ar an duine ab airde in iararcacht na n-iriseoirí Gearmánacha sa tSeapáin anois.