Jump to content

Richard Kirwan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRichard Kirwan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Lúnasa 1733
Contae na Gaillimhe (Ríoghacht Éireann)
Bás1 Meitheamh 1812
78 bliana d'aois
Baile Átha Cliath (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeimic, geolaíocht agus mianreolaíocht
Gairmceimiceoir, eolaí, meitéareolaí, geolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
PáisteMaria Theresa Kirwan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Ceimicí a rugadh i gCloch an Bhaile Mhóir, Contae na Gaillimhe, ab ea Richard Kirwan (1 Lúnasa 173322 Meitheamh 1812). Chuaigh sé le sagartóireacht ar dtús, ach d'athraigh go luath don cheimic. I Londain (1777-1787) chuidigh sé le bunú na steiréiceimice is na ceimice cainníochtúla. Rinne sé taighde ar fhiníocht cheimiceach, imoibrithe ceimiceacha, agus ceimic iarainn trí thíotraiméadracht. Scríobh sé an chéad saothar cuimsitheach ar an mianreolaíocht sa Bhéarla, Elements of Mineralogy (Uraiceacht na Mianreolaíochta, 1784), An Essay on the Analysis of Mineral Waters (Aiste ar Anailís Uiscí Mianracha, 1799), An Essay on Phlogiston and the Constitution of Acids (Aiste ar Fhlógastón agus Comhdhéanamh Aigéad, 1787), ag cosaint coincheap an fhlógastóin, agus cuid mhaith eile. Rinne sé obair shuntasach ar an meitéareolaíocht trí chlár teochtaí ag domhanleithid idir an meánchiorcal is na Moil a thógáil. Thug sé an mhianreolaíocht isteach den chéad uair in Éirinn.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Richard Kirwan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 386.