Flógastón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Roimh 1800 bhí teoiric an fhlógastóin coitianta go leor leis an dó a mhíniú. De réir na teoirice seo, bhí ábhar a dtugtaí flógastón air i láthair i ngach rud indóite agus d'fhuasclaítí é le linn an dóite. Bhréagnaigh obair Lavoisier ar ocsaigin is a tábhacht sa phróiseas dóite an teoiric seo i 1788.