Riccardo Giacconi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Riccardo Giacconi
RiccardoGiacconi.jpg
Ard-Stiúrthóir na Réadlainne Eorpaí sa Leathsféar Theas

1993 - 1999
Harry van der Laan - Catherine Cesarsky (en) Aistrigh
Saol
Eolas breitheGenova, 6 Deireadh Fómhair 1931
NáisiúntachtIodáil
Stáit Aontaithe Mheiriceá
Ríocht na hIodáile
Áit chónaitheStáit Aontaithe Mheiriceá
BásSan Diego, 9 Nollaig 2018
Muintir
Céile/CéilíMirella Giacconi (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materOllscoil Milano 1954) Dochtúir
Mic léinn dochtúireachtaEric D. Feigelson (en) Aistrigh
TeangachaAn Iodáilis
an Béarla
Gairm
Gairmréalteolaí, fisiceoir, múinteoir ollscoile, réaltfhisiceoir, amharc-ealaíontóir agus astralaí
Áit oibreBaltimore, Maryland
FostóiríOllscoil Johns Hopkins
Ollscoil Harvard
Réadlann Eorpach an Deiscirt
Duaiseanna
BallraíochtAccademia dei Lincei
Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Cumann Meiriceánach na Fealsúnachta
Cumann Réalteolaíochta Mheiriceá
Cumann Meiriceánach um Chur Chun Cinn na hEolaíochta
Cumann Fisice Mheiriceá

Réaltfhisicí a rugadh i Genova na hIodáile ar 6 Deireadh Fómhair 1931 ach a chaith cuid mhaith dá shaolré sna Stáit Aontaithe is ea Riccardo Giacconi. Cheap sé scáthán nua i gcomhair teileascóp X-ghathach spáis i 1960, agus i 1962 d'aimsigh an chéad fhoinse X-ghathanna taobh amuigh den Ghrianchóras (an réalta Scorpius-X) is léirigh an radaíocht cúlra ó thaobh amuigh dár réaltra. Thóg a ghrúpa an chéad bhrathadóir satailíte X-ghathanna a d'imfhithisigh an Domhan. Leag sé amach bunús na réalteolaíochta X-ghathaí. Le Raymond Davis is Masatoshi Koshiba, bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice i 2002 as an saothar seo. Fuair sé bás ar 9 Nollaig 2018 in San Diego, California.