Reginald Dunne
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 10 Lúnasa 1922 |
Áit adhlactha | Reilig Ghráinseach an Déin |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | St Ignatius College (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saighdiúir |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Eile | |
Ciontaíodh i | dúnmharú |
Ball den IRA i Londain ab ea Reginald William Dunne (Meitheamh 1898 – 10 Lúnasa 1922).[1]
Ar 22 Meitheamh 1922, scaoil Dunne (in éineacht lena chomhghleacaí Joseph O'Sullivan[2]) marbh an Marascail Machaire. Sir Henry Wilson, ar leac a dhorais féin i lár Londain.[3] Bhí Wilson ina chomhairleoir slándála do Phríomh-Aire Tuaisceart Éireann, James Craig ag an am céanna. Mar thoradh, chuir Rialtas na Breataine brú ar an gCoileánach ionsaí a dhéanamh ar na Ceithre Cúirteanna.[4]
Cé gur cháin Art Ó Gríofa an beart ba léir ón triail a cuireadh ar Reginald Dunne agus Joseph O’Sullivan go gairid ina dhiaidh sin gur bhain siad beirt le ‘G.H.Q..[1]
Crochadh Reginald Dunne, in éineacht le Joseph O'Sullivan, ar 10 Lúnasa 1922.[5]
Maidir le taisí Dunne agus O’Sullivan a thabhairt abhaile, sa bhliain 1967, ba chuid é sin de bheartas Harold Wilson vótaí a mhealladh ó Éireannaigh thall trí bhá a léiriú lena gcúram.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Joseph O'Sullivan
- An Marascail Machaire. Sir Henry Wilson
- Cath Átha Cliath
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nollaig Ó Gadhra., Toghchán an Mheithimh 1922: Tús nó Deireadh Ré. Feasta 56 (1), Leathanaigh 13-14. Eanáir 2003
- ↑ "Fight for a Pension; John O’Sullivan’s fight for recognition – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2022-08-10.
- ↑ Nollaig Ó Gadhra (1995). "Údarás nua - tús nua?". Comhar 54 (8): 4. doi: . ISSN 0010-2369.
- ↑ Peter Hart (1992). "Michael Collins and the Assassination of Sir Henry Wilson". Irish Historical Studies 28 (110): 150–170. ISSN 0021-1214.
- ↑ Reginald Dunne (1922). "Statement by Reginald Dunne about his participation (along with Joe O'Sullivan)in the assassination of Sir Henry Wilson at Liverpool Street Station, London, on 21st June 1922, with its authentication verified by Sean McGrath," (English). catalogue.nli.ie. Dáta rochtana: 2022-08-10.