Joseph O'Sullivan
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 25 Eanáir 1897 Londain, England |
| Bás | 10 Lúnasa 1922 25 bliana d'aois |
| Áit adhlactha | Reilig Ghráinseach an Déin |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste St. Edmund, Ware |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | saighdiúir |
| Gairm mhíleata | |
| Brainse míleata | Arm na Breataine |
| Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
| Eile | |
| Ciontaíodh i | dúnmharú |
Ball den IRA i Londain ab ea Joseph O'Sullivan (25 Eanáir 1897 – 10 Lúnasa 1922).[1][2]
Ar 22 Meitheamh 1922, scaoil O'Sullivan (in éineacht lena chomhghleacaí Reginald Dunne) marbh an Marascail Machaire. Sir Henry Wilson, ar leac a dhorais féin i lár Londain.[3] Bhí Wilson ina chomhairleoir slándála do Phríomh-Aire Tuaisceart Éireann, James Craig ag an am céanna. Mar thoradh, chuir Rialtas na Breataine brú ar an gCoileánach ionsaí a dhéanamh ar na Ceithre Cúirteanna.[4]
Cé gur cháin Art Ó Gríofa an beart ba léir ón triail a cuireadh ar Reginald Dunne agus Joseph O’Sullivan go gairid ina dhiaidh sin gur bhain siad beirt le ‘G.H.Q..[1][2]

Crochadh Joseph O'Sullivan, in éineacht le Reginald Dunne, ar 10 Lúnasa 1922.
Maidir le taisí O’Sullivan agus Dunne a thabhairt abhaile, sa bhliain 1967, ba chuid é sin de bheartas Harold Wilson vótaí a mhealladh ó Éireannaigh thall trí bhá a léiriú lena gcúram.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Reginald Dunne
- An Marascail Machaire. Sir Henry Wilson
- Cath Átha Cliath
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Nollaig Ó Gadhra., Toghchán an Mheithimh 1922: Tús nó Deireadh Ré. Feasta 56 (1), Leathanaigh 13-14. Eanáir 2003
- 1 2 "Fight for a Pension; John O’Sullivan’s fight for recognition – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2022-08-10.
- ↑ Nollaig Ó Gadhra (1995). "Údarás nua - tús nua?". Comhar 54 (8): 4. doi:. ISSN 0010-2369.
- ↑ Peter Hart (1992). "Michael Collins and the Assassination of Sir Henry Wilson". Irish Historical Studies 28 (110): 150–170. ISSN 0021-1214.
- ↑ "[Reggie Dunne, Séan Phelan, Joseph O'Sullivan, and Tom Monaghan, at St. Mary's Training College, Hammersmith]" (English). catalogue.nli.ie (1920). Dáta rochtana: 2022-08-10.