Planda bláthanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Planda bláthanna
Raon iontaiseach: an Luath-Chailceach - le déanaí, Teimpléad:Fossilrange
Magnolia virginiana, An labhróg mhilis
Magnolia virginiana, An labhróg mhilis
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Plantae
Fo-ríocht: Embryophyta
Grúpaí
De réir APG IV (2016):[1]

Grúpaí traidisiúnta:

Téarmaí comhchiallacha
*Anthophyta CronquistTeimpléad:Sfn

Is iad na plandaí bláthanna, ar a dtugtar freisin Angiospermae[2][3]Magnoliophyta, an grúpa is éagsúla de na plandaí talún, le 416 fine, thart ar 13,164 géineas agus c. 295,383 speiceas is eol dúinn. [4] Cosúil le gimnispeirmeacha, is plandaí a tháirgeann síolta iad na hangaispeirmeacha. Mar sin féin, tá tréithe difriúla acu a dhéanann idirdhealú idir iad agus na gimnispeirmeacha, lena n-áirítear bláthanna, inspeirm laistigh de na síolta, agus torthaí a tháirgeadh ina bhfuil síolta ann. De ghnáth, ó thaobh na sanasaíochta de, ciallaíonn 'angaispeirm' planda a tháirgeann síolta laistigh d'imfhálú; i bhfocail eile, planda torthach. Tagann an téarma ón bhfocal Gréigise angeion ("soitheach" nó "coimeádán") agus sperma("síolta")

Sanasaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ciallaíonn 'angiosperm' planda a tháirgeann síolta laistigh d'imfhálú; i bhfocail eile, planda torthaíoch. Tagann an téarma ón fhocail Gréigise 'ἀγγεῖον' (angeion) a chiallaíonn "cás" nó "cásáil" agus 'σπέρμα' (sperma) a chiallaíonn "síol".

Cur síos[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tháinig sinsearaigh na mplandaí bláthanna ó na gimnispeirmeacha san Triasach, 245 go 202 milliún bliain ó shin (mbós), agus is eol dúinn na chéad phlandaí bláthanna ó 160 mbós. D'éagsúlaigh siad go forleathan san Tréimhse Luathchailcheach, agus bhíodar forleathan ag mbós, agus tháinig siad in áit na mbuaircíneach mar na crainn is ceannasaí ó 100 go 60 mbós

Sna plandaí bláthanna, is gné shainiúil í an síol a bheith clúdaithe taobh istigh d'ubhagán, a bhfuil fadú speisialta aige, an stiogma, chun an pailin a fháil. Déanann na gaiméití fireanna a tháirgeann an pailin an t-ubhán a dhéthoirchiú, chun síogóit a chruthú is sainfhíochán chun an síol a stóráil (an t-insíol) a dhéanamh. Fásann fíochán féitheach tánaisteach ó na cisil chaimbiacha, agus cuimsíonn cealla atá sainiúil do phlandaí bláfara: soithigh sa xiléim, cealla compánaigh sa bhflóéim. Cuimsíonn an grúpa plandaí seo na plandaí go léir ar bláth an t-orgán atáirgthe iontu. Na plandaí féitheacha is flúirsí ó thaobh uimhreacha is dáileadh ar Domhan, timpeall 250,000 speiceas ann. Roinntear iad ina monachotailéadóin is ina ndéchotailéadóin, agus ina dhiaidh sin ina n-oird is ina gclanna.

Bíonn difríochtaí idir na hangaispeirmeacha ó shíolphlandaí eile ar bhealaí éagsúla, a bhfuil cur síos orthu sa tábla thíos. Tógtha le chéile, chuir na saintréithe idirdhealaitheacha seo ar chumas na n-angaispeirmeacha a bheith ar na plandaí talún is éagsúla agus iomadúla agus is tábhachtaí atá tábhachtach ó thaobh gnó de do dhaoine (seachas na foraoisí giúiseacha).

Gnéithe sainiúla na n-angaispeirmeacha
Gné Cur síos
Orgáin a thagann i mbláth Is iad na bláthanna, orgáin atáirgthe plandaí bláthanna, an ghné is suntasaí chun iad a idirdhealú ó shíolphlandaí eile. Soláthraíonn bláthanna na modhanna chun córas pórúcháin atá níos sainiúla don speiceas a bheith acu , agus dá bhrí sin, bealach chun teacht chun cinn gan mhoill mar speicis difriúla gan an riosca aischrosála le speiceas gaolmhara. Chuir speiceasú níos tapúla ar chumas na n-angaispeirmeacha dul in oiriúint do raon níos leithne nideoga éiceolaíochta. Thug sé seo deis do phlandaí bláthanna an lámh in uachtar den chuid is mó a bheith acu ar éiceachórais talún.
Staimíní le dhá phéire sac pailine Tá staimíní i bhfad níos éadroime ná na horgáin chomhfhreagracha de ghimnispeirm agus chuir siad le héagsúlacht na n-angaispeirmeacha le himeacht aimsire trína n-oiriúnuithe ar shiondróimí pailíneachta speisialaithe, cosúil le pailneoirí ar leith. Mhionathraítí stampaí le himeacht ama chun cosc a chur ar fhéintoirchiú, rud a cheadaigh éagsúlú breise, agus a thug deis d'angaispeirmeacha níos mó nideog a líonadh.
Codanna fireann laghdaithe, trí chill Tá an ghaiméitifít fhireann laghdaithe go suntasach i méid i gcomparáid leis na síolphlandaí gimnispeirmeacha. Laghdaíonn an mhéid bheag a bhíonn ag an phailin an t-am idir phailniú - an grán pailine ag sroicheadh an planda baineann - agus an thoirchiú. Sna ghimnispeirmeacha, thiocfadh le toirchiú tarlú suas go bliain tar éis na pailnithe,[5] ach sna hangaispeirmeacha tosaíonn an toirchiú go han-luath tar éis na pailnithe. Mar gheall ar sin, ceadaíonn méid na tréimhse gairide idir an phailniú agus an thoirchiú leis na angaispeirmeacha síolta a tháirgeadh níos luaithe ná gimnispeirmeacha, rud a thugann buntáiste éabhlóideach ar leith d'angaispeirmeacha.
Cairpéal dúnta ag timpeallú na n-ubhagán (is féidir le carpéal nó le cairpéil agus páirteanna coimhdeacha a bheith ina dtorthaí) Ceadaíonn cairpéal dúnta na hangaispeirme oiriúnuithe do shiondróim agus rialaitheoirí pailnithe speisialaithe. Cuidíonn sé seo le féin-thoirchiú a chosc, ar an mbealach sin cothaítear éagsúlacht mhéadaithe. Nuair a dhéantar an t-ubhagán a thoirchiú,

forbraíonn an cairpéal agus cuid de na fíocháin máguaird agus déantar torthaí díobh. Go minic, freastalaíonn an toradh seo mar eastóscaire d'ainmhithe a scaipeann síol. Cuireann an comhchaidream gaoil mar thoradh air seo buntáiste eile do na hangaispeirme sa phróiseas scaipthe.

Gaiméitifít bhaineann laghdaithe, seacht gcill le hocht núicléas B'fhéidir gur oiriúnú í an gaiméitifít bhaineann laghdaithe, cosúil leis an ghaiméitifí fhireann laghdaithe, a ligeann do shíolsháiteán níos gasta a shocrú, rud a fhágann go dtiocfadh oiriúnuithe phlandaí bláthanna den sórt sin agus saolréanna luibheacha bliantúla, a thugann deis do na plandaí bláthanna níos mó nideog a líonadh.
Inspeirm Go hiondúil, tosaíonn foirmiú na n-inspeirmeacha tar éis toirchithe agus roimh céad chilldeighil an tsiogóit. Fíochán ardchothaitheach is ea an inspeirm a sholáthraíonn bia don chill shuthach, na cotailéadóin, agus uaireanta an t-síológ, nuair a dhealraíonn sí an chéad uair.

Anatamaíocht shoithíoch[athraigh | athraigh vicithéacs]

Trasghearradh de ghas na hangaispeirme Líon:
1. Laíon, 2. Prótaixiléim, 3. Xiléim I, 4. Fléam I, 5. Scléireincíoma (bast fibre), 6. Coirtéis, 7. Eipideirmen

Sáraíonn méid agus castacht fhoirmiú an fhíocháin i bplandaí bláthanna ná a leithéid i ngimnispeirmeacha. Eagraítear na bearta soithíocha den ghas ionas go bhfoirmíonn an xiléim agus an fléim fáinní comhchruinnithe.

Sna déchotailéadóin, socraítear na bearta sna gais an-óga i bhfáinne oscailte, ag scaradh an laín lárnaigh ón choirtéis sheachtrach. I ngach beart, ag scaradh na xiléim agus an fhléim, tá sraith de mhíristéama nó d'fhíochán foirmitheach gníomhach ar a dtugtar an caimbiam. Trí shraith de chaimbiam idir na mbearta (caimbiam idirbhirtíneach) a chruthú, déantar fáinne iomlán, agus bíonn méadú tréimhsiúil rialta i dtiús de thoradh ar fhorbairt na xiléime ar an taobh istigh agus an fhléim ar an taobh amuigh. Brúitear an fléim bog, ach leanann an t-adhmad crua ar aghaidh agus déanann sé an chuid is mó den ghas agus de bhrainsí na hilbhliantóige adhmadaí. Mar gheall ar dhifríochtaí i gcarachtar na n-eilimintí a tháirgtear ag tús agus deireadh an tséasúir, déantar an t-adhmad a mharcáil i dtrasbhealaigh i bhfáinní comhchruinnithe, ceann amháin le haghaidh gach séasúr fáis, ar a dtugtar fáinní bliantúla. I measc na monacotailéadón, tá na bearta níos iomadúla sa ghas óg agus tá siad scaipthe tríd an bhfíochán talún. Níl aon chaimbiam iontu agus nuair atá siad cruthaithe ní mhéadaíonn trastomhas an ghais ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

Leabharliosta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Teimpléad:Citation
  2. Lindley, J (1830). "Introduction to the Natural System of Botany": xxxvi. London: Longman, Rees, Orme, Brown, and Green. 
  3. "Towards a phylogenetic nomenclature of Tracheophyta" (2007). Taxon 56 (3): E1–E44. doi:10.2307/25065865. 
  4. "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (2016). Phytotaxa 261 (3): 201–217. Magnolia Press. doi:10.11646/phytotaxa.261.3.1. 
  5. Williams, J.H. (2012). "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". AoB Plants 2012 (http://aobpla.oxfordjournals.org/content/2012/pls010.abstract). doi:10.1093/aobpla/pls010.