Xiléim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Anatamaíocht de dhuilleog thipiciúil. Tá dath dearg ar an xiléim

Fíochán planda is an xiléim ina bhfuil cealla seoltóra is snáithíní tacaíochta chun uisce is mianraí a iompar aníos ó na fréamhacha chuig gach cuid eile den phlanda. Suite i mbearta feadánacha, faigheann na cealla bás nuair a aibíonn siad. Cumann sí an t-adhmad i bplandaí adhmadacha.