Déchotailéadón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDéchotailéadón
Dicotyledones Cuir in eagar ar Wikidata
Lamium album (1).JPG
teanga mhín Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
RangDicotyledones Cuir in eagar ar Wikidata
Déchotailéadón

Ball ar bith den dá phríomhrang plandaí bláfara is ea déchotailéadón. Is iad na monacotailéadóin an rang eile. Bíonn dhá chotailéadón i suth an tsíl, agus seasann príomhfhréamh an tsíolphlanda go daingean chun an bhunfhréamh a chruthú. De ghnáth bíonn duilleoga leathana le féitheacha eangachúla air, agus codanna bláfara i ngrúpaí de 4-5 nó iolraí díobh sin. Cumann na burlaí soithíocha fáinní sa ghas, agus bíonn ciseal caimbiam i láthair a bhíonn in ann fíochán féitheach tánaisteach a tháirgeadh, agus mar sin gais adhmadacha. Timpeall 250 clann ar eolas sa rang seo.