Fléam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Schéma d'une coupe transversale de feuille montrant ses différents constituants :
1. : cúitineach.
2. agus 5. : eipideirm.
3. : paireincíoma pailise.
4. : paireincíoma spúinsiúil
6. : Stómaí.
7. : cealla sómacha.
8. : xiléim.
9. : fléam
10. : fíochán seoltach

I bplandaí soithíocha, is éard is fléam ann ná an fíochán beo a iompraíonn na comhdhúile orgánacha intuaslagtha a rinneadh le linn na fótaisintéise agus ar a dtugtar fótaisinteáiteanna, go háirithe an siúcra siúcrós,[1] go codanna de na plandaí nuair is gá iad. Tugtar trasghluaiseacht  ar an  phróiseas seo.[2] Sna crainn, is í an fhléim an ciseal is sia isteach sa choirt, dá bhrí sin díorthaíodh a ainm ón fhocal Gréagach φλοιός (phloios) a chiallaíonn "coirt". Thug  Nägeli an téarma isteach sa bhliain 1858.[3][4]

Struchtúr[athraigh | athraigh vicithéacs]

Trasghearradh de phlanda lín:Teimpléad:Ordered list


Feadáin chriathracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Fléim shimplithe agus a cealla coimhdeachta: Teimpléad:Ordered list

Tugtar feadáin chriathracha ar na cineál ceall atá freagrach as siúcraí a iompar fud fad na bplandaí.[5] Ar a n-aibíocht bíonn núicléáis in easnamh acu agus ní bhíonn ach cúpla orgánaid acu, mar sin, braitheann siad ar chealla coimhdeachta nó albaimineacha don chuid is mó dá chuid riachtanas meitibileach. Ní bhíonn folúisíní nó orgánaidí acu, mar shampla ribeasóim, sula mbíonn siad aibí, ach de gnáth, téann siad seo ar imirce go dtí an cillbhalla agus díscaoileann siad ar a n-aibíocht; cinntíonn sé seo nach mbíonn mórán bac ar ghluaiseacht na sreabhán. Ar cheann den bheagán orgánaid a bhíonn acu ag a n-aibíocht is ea an líontán ionphlasmach mín, a bhíonn ar fháil ag an phlasmoscannán, go minic in aice láimhe na bplasmachuibhríní, a nascann iad lena gceall choimhdeacht nó albaimineach. Bíonn grúpaí piochán ag na cealla criatharacha go léir ar a mbunanna, a fhásann ó phlasmachuibhríní modhnaithe agus méadaithe, ar a dtugtar criatharachair. Ta na póireanna treisithe ag pláitíní polaisiúicríde ar a dtugtar callóis.[5]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cealla paireincíomacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá dhá chineál, aereincíoma agus clóireincíoma.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Lalonde S. Wipf D., Frommer W.B. (2004). "{{{title}}}". Annu Rev Plant Biol. 55: 341–72. doi:10.1146/annurev.arplant.55.031903.141758. PMID 15377224. 
  2. Collins Edexcel International GCSE Biology, Student Book (ISBN 978-0-00-745000-8) p.124
  3. Nägeli, C.W. (1858). Das Wachstum des Stammes und der Wurzel bei den Gefäßpflanzen und die Anordnung der Gefäßstränge im Stengel. Beitr Z Wiss Bot, Heft 1: 1–156. link.
  4. Buvat, R. (1989). Phloem. In: Ontogeny, Cell Differentiation, and Structure of Vascular Plants. Springer, Berlin, Heidelberg. pp. 287-368. link.
  5. 5.0 5.1 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Raven et al. 1992