Stómaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Stóma i nduille trátaí ar thaispeáint trí íomhá daite leictreonmhicreascóp scanacháin
Stóma i dtrasghearradh
An taobh íochtair de dhuilleog. Sa speiceas seo ( Tradescantia zebrina ) tá sciathchealla na stómaí glas mar go bhfuil clóirídill iontu agus cé go bhfuil na cealla eipideirmeacha saor ó chlóraifil agus go tá líocha dearga a.

San luibheolaíocht, is éard is stómaí (ón Ghréigis στόμα, stúma "béal"[1])) ann ná na póireanna (poill bheaga) a bhíonn ar dhromchlaí na nduille i bplandaí agus is trithu a théann an gás isteach (malartú gás) sa duille, tré idirleathadh gásach. Úsáidtear an téarma de ghnáth i dteannta a chéile chun tagairt a dhéanamh don choimpléasc stómach ar fad, ina bhfuil dhá sciathchill agus an phóir féin, dá ngairtear an cró stómach.[2] Is léir a riachtanaí is atá na stomaí d'ionsú dé-ocsaíd charbóin agus ocsaigin i gcás na bplandaí glasa tíre. Bíonn dhá chill phaireincíomach, ar a dtugtar sciathchill nó cill ghardála orthu freisin), a mbíonn cuma maróige orthu, timpeall ar gach stóma agus braitheann méid gach stóma ar an méid uisce a bhíonn sna cealla gardála. Tig leo siúd an poll a leathadh nó a chaolú nó fiú a dhúnadh go hiomlán. Dá mhéad uisce a bhíonn iontu sea is mó a chuarann siad ó chéile agus sea is mó an cstóma. Nuair a bhíonn siad ar bheagán uisce, titeann siad chun a chéile agus caolaíonn an stóma dá réir. Ní hé an líon céanna stomaí a bhíonn san eipideirm uachtarach agus san eipideirm íochtarach araon, agus i gcásanna áirithe bíonn stómaí a bhíonn stómaí in easnamh ar fad ar an epideirm uachtarach. Bíonn cealla na méisifille suite istigh i gcorplár an duille, agus is trí na stómaí a ligtear aer isteach chuig dromchlaí fliucha chuid de na cealla; mura mbeadh an teagmháil sin acu leis an atmaisféar, ní tharlódh ionsú dé-ocsaide charbóin ar chor ar bith. Nuair a bhuaileann dé-ocsaíd charbóin atmaisféarach leis an scannán uisce a bhíonn ar na cealla piolise agus ar na cealla spúinsiúla, tuaslagaann sí; is féidir í a ionsú trí na cillbhallaí ansin.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. στόμα, Henry George Liddell, Robert Scott, A Greek-English Lexicon, on Perseus
  2. Esau, K. (1977). "{{{title}}}". Wiley and Sons.