Ribeasóm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtRibeasóm
Aitheantóirí
MeSHD012270
FMA66867 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/ribosome
Téarmaíocht anatamaíoch


Scéimléaráid de chill ainmhí agus a chuid codanna: 1. Núiclín 2. Núicléas 3. Ribeasóm 4. Saicín 5.Líontán ionphlasmach garbh 6. Coirpín Golgi (nó Coimpléasc Golgi) 7. Cítichreatlach 8. Líontán ionphlasmach mín 9. Miteacoindre 10. Folúisín 11. Cíteasol 12. Líseasóm 13. Ceintreasóm

Cumasc de RNA (RNA ribeasómach, rRNA) is cuid mhaith próitéiní a bhíonn i láthair i mbaictéir is cíteaplasma ceall núicléataithe (eucaróití). Bíonn ribeasóim mar pháirteagail shaora sa chill agus nasctha le scannáin na heangaí ionphlasmaí i gcealla eucarótacha. Bíonn an chuid is mó de RNA iomlán na cille bainteach leis na ribeasóim. I gcomhar le móilíní eile (an RNA traschuir, tRNA, go háirithe) feidhmíonn na ribeasóim mar innealra a dhíchódaíonn an t-eolas géiniteach atá sa tRNA, agus tiontaíonn é seo i seicheamh aimíonaigéad do na móilíní próitéine tríd an bpróiseas aistrithe. Ina dhiaidh sin ascnaíonn na próitéiní go dtí réigiúin eile sa chill le feidhmeanna éagsúla a dhéanamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ribeasóm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 559.