Pairilis cheirbreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarPairilis cheirbreach
cuir in eagar
Cineáleinceifealapaite, meathlú ceirbreach, palsy (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisnéareolaíocht agus péidiatraic Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaípreab, toe walking (en) Aistrigh, ríog, muscle rigidity (en) Aistrigh agus neamhord urlabhra Cuir in eagar ar Wikidata
Scrúduithescrúdú fisiciúil, stair leighis, scanadh ultrafhuaime, íomháú athshondais mhaighnéadaigh agus genetic testing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáiltenotomy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
 Cógais
Pataigineas
Cúisasphyxia neonatorum (en) Aistrigh, einceifealapaite agus hiopocsa Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10G80 agus G80.9 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9343.8 agus 343.9 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
OMIM603513 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB2232 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000716 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine1179555 agus 310740 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKcerebral-palsy Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD002547 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0029806 agus C0007789 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:1969 Cuir in eagar ar Wikidata
Lámh le pairilis cheirbreach

Neamhord is ea pairilis cheirbreach a tharlaíonn mar thoradh ar dhamáiste don inchinn le linn forbartha sa bhroinn nó le linn naíonachta.

Tá grúpa riochtaí casta a ghoilleann ar ghluaiseacht agus staidiúir toisc go bhfuil damáiste nó teip ann i bhforbairt chuid den inchinn a rialaíonn gluaiseacht. Tarlaíonn sé seo sula mbeirtear an leanbh, le linn breithe nó le linn luath-óige sula sroicheann fás na hinchinne leibhéal aibíochta áirithe.[1]

Meastar go gcuireann pairilis cheirbreach isteach ar 1 as 400 dalta in Éirinn.

Cineálacha

Ceiliúrtar an Lá Domhanda Feasachta ar Phairilis Cheirbreach ar 6 Deireadh Fómhair.

Físeán

Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn saghsanna éagsúla damáiste don inchinn taobh thiar den neamhord seo, galair na máthar le linn an toirchis, easpa ocsaigine le linn beirthe, ionfhabhtaithe víreasacha le linn naíonachta is eile ina measc. Ach ní bhíonn an chúis ar eolas de ghnáth.

Siomptóim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Banna ceoil i mBostún sna 1960idí agus pairilis cheirbreach ar na baill go léir

Tá éagsúlacht mhór sa tionchar a bhíonn ag pairilis cheirbreach ó dhuine go duine. D’fhéadfadh an duine óg bheith míshuaimhneach, corrach.[2] Tugtar neamhluail air seo. D’fhéadfaí gur chúis deacrachtaí fisiceacha agus tearc-chaidrimh shóisialta í pairilis cheirbreach; is féidir difríochtaí ollmhóra a bheith idir beirt ógánach ar bith a bhfuil an riocht seo orthu.

Go ginearálta, is iad seo na saintréithe a bhaineann le pairilis cheirbreach: gluaiseachtaí preabacha agus easpa comhordú gluaiseachtaí ainneonacha, droch-chothromaíocht choirp, matáin spasmacha agus máchail chainte (agus uaireanta pairilis, righneas).

Aithnítear mórán cineálacha de phairilis cheirbreach anois agus déantar cur síos orthu mar seo:

Cineálacha:[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Heimipléige – I bhfeidhm ar an taobh deas nó taobh clé den cholainn.
  • Déipléige – I bhfeidhm ar an dá chos – gan bheith i bhfeidhm a oiread céanna ar na sciatháin .
  • Ceathairphléige – I bhfeidhm ar chosa agus ar sciatháin. D’fhéadfadh tearcsmacht a bheith ar chloigeann agus ar cholainn.

Cúram[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní thagann athrú ar an bpairilis cheirbreach go hiondúil,. Ach bíonn daoine aonair in ann déileáil níos fearr lena gcuid deacrachtaí de réir mar a théann siad in aois, mar shampla Christy Brown sa 20ú haois in Éirinn.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. sess.ie. "CUID 8: Míchumais Fhisiceacha". Dáta rochtana: 2020.
  2. gaelscoileanna.ie. "Michumas Fisiceach". Dáta rochtana: 2020.
  3. Hussey, Matt (2011). "Pairilis cheirbreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 504.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]