Pádraic Ó Conaire
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Feabhra 1882 Gaillimh |
Bás | 6 Deireadh Fómhair 1928 46 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Saothar | |
Saothar suntasach |
Scríbhneoir Éireannach ab ea Pádraic Ó Conaire (20 Feabhra 1882 - 6 Deireadh Fómhair 1928), agus duine de na scríbhneoirí ba thábhachtaí i luath-ré na hAthbheocana.[1][2][3][4] Bhí an Conaireach gníomhach, freisin, san iriseoireacht, rud a raibh an-bheagán di le fáil as Gaeilge i dtús an 20ú haois.
Uaireanta, tugtar "Sean-Phádraic Ó Conaire" air le hé a aithint thar Phádhraic Óg Ó Conaire (bhí Pádhraic Óg ag scríobh úrscéalta éadroma faoi shaol na tuaithe i gConamara).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saolaíodh Pádraic Ó Conaire i nGaillimh sa bhliain 1882, áit ina raibh dhá theach ósta ag a athair agus a mháthair Kate McDonagh. Bhí beirt deartháireacha aige, Isaac agus Michael.
Thug a athair a aghaidh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá nuair a theip ar a ghnó i nGaillimh agus cailleadh é go gairid ina dhiaidh sin. D'éag máthair Uí Chonaire freisin sa bhliain 1893.
Mar sin bhí a mháthair agus a athair marbh faoin am a raibh sé aon bhliain déag d’aois. Dá bhrí sin, bhí ar na dílleachtaí óga, Pádraic óg agus a bheirt dheartháireacha, dul chun cónaithe lena n-uncail Patrick Conroy i Ros Muc. Cé gurbh é an Béarla teanga an tí, ceantar Gaeltachta a bhí máguaird agus d’fhoghlaim Pádraic an teanga go héasca.
Chuaigh Pádraic ar scoil i dTurlach Beag, sular bhog sé ar aghaidh go dtí Coláiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann (bhí a uncail ina shuí go te) agus Coláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath, áit a raibh sé sa rang céanna le hÉamon de Valera.[5]
Londain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhog an Conaireach go dtí Londain sa bhliain 1899 agus ghlac sé post mar státseirbhíseach sa Bhord Oideachais ann. Chuir sé suim mhór i gcúrsaí Chonradh na Gaeilge. Bhí an Ghaeilge ina thimpeall i gcónaí i Londain fiú, agus chaith sé na hoícheanta agus na deirí seachtaine ag múineadh na teanga do Ghaeilgeoirí agus inimircigh eile. Scríobh sé cuid mhaith dá scothshaothar i Londain.
Bhí an Conaireach ina chónaí le Molly Ní Mhanais[6] i Londain, gan a bheith pósta (scannalach ag an am). Bhí ceathrar clainne acu: Eileen (r. 22 Feabhra 1905), Patrick (r. 3 Samhain 1906), Kathleen (r. 24 Feabhra 1909) agus Mary Josephine (28 Iúil 1911–1922), a fuair bás de bharr diftéire. Phós sé Molly faoi dheireadh sa bhliain 1926 (in oifig an chláraitheora in Lambeth).
Ar ais in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba bhoithéimeach agus fhánaí é agus é go beo bocht i dtreo dheire a shaoil, tugtha don ól. D'fhill an Conaireach ar Éirinn ag tús an Chéad Chogadh Domhanda, sna blianta 1914/1915.[7] D'fhág sé Molly agus a chlann agus chaith na blianta ag fánaíocht ar fud na hÉireann. Cé go raibh post aige sa Bhreatain, rinne sé iarracht maireachtáil ar a chuid scríbhneoireachta nuair a d'fhill sé ar Éirinn.
Ní raibh baint dhíreach ag Ó Conaire leis an Éirí Amach sa bhliain 1916. Ach ba mhinic é i gcomhluadar na ndaoine a raibh baint acu leis tríd a chuid oibre le Conradh na Gaeilge.[8][9] Agus ba é Ó Conaire a scríobh an leabhar Seacht mBua an Éirí Amach.[10]
Bhí an-ghean ag daoine air, cé nár shaothraigh sé mórán airgid as a chuid saothar liteartha le linn a shaoil. Chaith an Conaireach an chuid is mó dá shaol fosta ina chónaí i nGaillimh, ag múineadh sna coláistí samhraidh sna Gaeltachtaí anois is arís, agus é go beo bocht i dtreo dheire a shaoil.[7]
Rinne Liam Ó Flaithearta cur síos uair amháin ar an am a raibh Ó Conaire ag fanacht sa teach aige agus gur mhol an Conaireach dhó scríobh i nGaeilge.[11]
Bás agus cuimhne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhásaigh Ó Conaire ar an 6 Deireadh Fómhair 1928 agus gan aige ach 46 bliain. Alcólach déanta ba ea é. Fuair sé bás in ospidéal Richmond i mBaile Átha Cliath (tar éis dó cuairt a thabhairt ar phríomhoifig Chonradh na Gaeilge).
Tá an Conaireach curtha i Reilig an Bhóthair Mhóir i nGaillimh. Tá dealbh ina chuimhne sa bhFaiche Mór i nGaillimh.[14][9]. Tá an dealbh sin mar shiombail de Ghaillimh inniu.[15]
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí ról tábhachtach ag Ó Conaire i ngluaiseacht na Gaeilge agus bhí sé ar cheann de na scríbhneoirí gearrscéalta ba thábhachtaí san athbheochan liteartha.[5] Bhí feidhm cheannródaíoch aige ó thaobh na hiriseoireachta de fosta agus é ag scríobh do ‘An Claidheamh Soluis’– is beag duine i dtús an fhichiú haois a bhí ag scríobh alt nuachta i nGaeilge. Chum sé drámaí, gearrscéalta, aistí critice, scéalta do pháistí agus ábhar eile, saothar mór in ainneoin go bhfuair sé bás gan ach sé bliana is daichead bainte amach aige.
Scríobh an Conaireach dhá úrscéal, Deoraíocht agus Fearfeasa Mac Feasa, chomh maith le go leor aistí agus gearrscéalta. Tá cuid de na gearrscéalta seo ar fáil sna leabhair Scothscéalta (a bhí ar an siollabas Ardteiste in Éirinn le fada an lá), Rogha Scéalta (CIC 2018, le Diarmuid de Faoite). nó Nora Mharcais Bhig (Coiscéim 2023).[16][17]
- An Scoláire Bocht, agus scéalta eile, 1904/1913
- Nora Mharcais Bhig, 1909, 2023[16][17][18][19][20][21]
- Deoraíocht, 1910, 1920 (pdf),[12] 2024[13]
- An Chéad Chloch, 1914
- Seacht mBua an Éirí Amach, 1918
- An Crann Géagach, 1919
- Tír na n Íontas, 1919
- Béal an Uaignis, 1921
- Siol Éabha, 1921
- An Chinniúint, 1924
- Eachtraí Móra ón ár Stair, 1924
- Trí Truaighe na Scealaíochta, 1924
- Mór thimpeall na hÉireann, ar muir, 1925
- Fearfeasa Mac Feasa, 1930
- Brian Óg
- Beagnach Fíor
- Cubhair na dTonn
- Scéalta an tSáirsint Rua
- Seoigheach an Ghleanna
- M'asal Beag Dubh
- Scothscéalta (bailiúchán) 1956, agus cnuasach dátheangach "Scothscéalta – Best Stories", 2024.[22]
- Rogha Scéalta (CIC 2018, le Diarmuid de Faoite).[23]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Claidheamh Soluis, Pádhraic Óg Ó Conaire
- Leabhair le Pádraic Ó Conaire : Deoraíocht, Scothscéalta, An Chéad Chloch, Seacht mBua an Éirí Amach, An Crann Géagach
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tom Kenny, "Ó Conaire — an fear", Galway Advertiser, 23 Feabhra 2007.
- An tAthrú Mór (iriseoireacht agus sóisialachas Uí Chonaire) le Aindrias Ó Cathasaigh (Coiscéim 2007).[24][25]
- Pádraic Ó Conaire – Scéal a Bheatha, leis an tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith
- Iriseoireacht Uí Chonaire, leis an tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith[26]
- Pádraic Ó Conaire - Deoraí, le Pádraigín Riggs (1994)[27]
- Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, le Seosamh Mac Grianna.[28]
- Scríobh Diarmuid de Faoite dráma stáitse faoi bheatha Phádraic Uí Chonaire, dráma a bhain Duais Stewart Parker.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ó CONAIRE, Pádraic (1882–1928)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-10-06.
- ↑ "Ó Conaire, Pádraic | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-10-06.
- ↑ corkcitylibraries.ie. "Beatha agus Buanna". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-06. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Ó Conaire, Pádraic | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 "BBC - Irish - Pádraic Ó Conaire" (ga). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2021-10-06.
- ↑ nó Mary Agnes McManus
- ↑ 7.0 7.1 Seán Hutton. "Mise agus Sean-Phádraic - Pádraic Ó Conaire and me". community.fortunecity.ws. Dáta rochtana: 2021-09-13.
- ↑ Mar shampla, bhí an Conaireach i láthair ag Oireachtas na Samhna 1913 a reáchtáladh i nGaillimh.
- ↑ 9.0 9.1 "Suíomh nua do ‘Pádraic Ó Conaire’ agus é le filleadh ar an bhFaiche Mhór" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-06.
- ↑ Pádraigín Riggs (2016). "Club Leabhar 1916 – Súil ar Seacht mBua an Éirí Amach le Pádraic Ó Conaire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-06.
- ↑ Seosamh Ó Cuaig (20 Lúnasa 2019). "Pádraic Ó Conaire, Liam Ó Flaithearta agus ‘The Agony of The World’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-06.
- ↑ 12.0 12.1 "Deoraíocht / Deoraidheacht (1920) mar pdf" (ga-IE). commons.wikimedia.org (1920). Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ 13.0 13.1 "Deoraíocht le Pádraic Ó Conaire / an t-eagrán seo 2024". www.coisceim.ie (1910 - 2024). Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ Breandán Delap (EAGRÁN 111 · IÚIL 2010). "Ó Conaire, ar Troigh gan Tuairisc" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-06.
- ↑ Bridget Bhreathnach (26 Márta 2024). "‘Féach thart ort i nGaillimh agus feicfidh tú Pádraic Ó Conaire’ – ‘Scothscéalta’ le fáil i mBéarla den chéad uair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-26.
- ↑ 16.0 16.1 "Nóra Mharcais Bhig agus scéalta eile | Coiscéim" (ga-IE) (1903). Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ 17.0 17.1 Físeán "Gaeilge go Deo" ar Youtube (2023). "Nóra Mharcais Bhig" (as ga-IE).
- ↑ Whelton, M., “Nóra Mharcais Bhig’ and the Unspoken Birth” (2021). "Birth and The Irish: a miscellany (editor Salvador Ryan), Wordwell Books". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Scéal achomair / cur i láthair Prezi. "Nóra Mharcais Bhig" (ga-IE). prezi.com. Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ Rebecca Phelan. "Nóra Mharcais Bhig" (ga-IE). prezi.com. Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ Róisín Murphy. "Nora Mharcais Bhig" (ga-IE). prezi.com. Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ Arlen House (2024). "Scothscéalta/Best Stories Pádraic Ó Conaire | Litríocht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-03-26.
- ↑ "Pádraic Ó Conaire Rogha Scéalta | Cló Iar-Chonnacht" (ga-IE) (2018). Dáta rochtana: 2021-10-06.
- ↑ "An tAthrú Mór". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ Aindrias Ó Cathasaigh (2008). "An tAthrú Mór ( Coiscéim 2007) | Litríocht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ an tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith (1989). "Iriseoireacht Uí Chonaire ISBN 1 900693 78 X | Litríocht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ "Pádraic Ó Conaire - Deoraí / 9780903758499" (ga-IE). An Ceathrú Póilí (1994). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-03-02. Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ "Pádraic Ó Conaire Agus Aistí Eile | Cló Iar-Chonnacht" (en-US). Dáta rochtana: 2021-10-06.