Jump to content

Scothscéalta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharScothscéalta
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarPádraic Ó Conaire Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrabailiúchán gearrscéalta Cuir in eagar ar Wikidata

Leabhar gearrscéalta Gaeilge de chuid Phádraic Uí Chonaire is ea Scothscéalta. Is bailiúchán é de roinnt de na scéalta ab fhearr a scríobh sé. Sin é an fáth a tugadh Scothscéalta air.

Ba é an scoláire agus foclóirí Tomás de Bhaldraithe a roghnaigh na scéalta as cnuasaigh éagsúla le Ó Conaire. Tá iarfhocal le Seosamh Mac Grianna sa leagan a foilsíodh in 1956.

Bhí an cnuasach ar an gcuraclam ollscoile agus ar an gcuraclam don Ardteist ina dhiaidh sin.[1]

In 2024, foilsíodh cnuasach dátheangach "Scothscéalta – Best Stories" ina bhfuil bunleaganacha na scéalta chomh maith le haistriúcháin le Diarmuid de Faoite, an t-aisteoir agus scríbhneoir (foilsithe ag Arlen House).[2]

  1. "Teatrarc na Gaililí"'
  2. "Beirt Bhan Misniúil"
  3. "Ná Lig Sinn i gCathú"
  4. "An Bhean ar Leag Dia Lámh Uirthi"
  5. "Anam An Easpaig"
  6. "Nóra Mharcais Bhig"
  7. "Neill"
  8. "An Bhean a Ciapadh"
  9. "Páidín Mháire"
  10. "M'Fhile Caol Dubh"
  1. Bridget Bhreathnach (26 Márta 2024). "‘Féach thart ort i nGaillimh agus feicfidh tú Pádraic Ó Conaire’ – ‘Scothscéalta’ le fáil i mBéarla den chéad uair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-26.
  2. Arlen House (2024). "Scothscéalta/Best Stories Pádraic Ó Conaire | Litríocht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-03-26.