Oskar Schindler
Oskar Schindler | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Svitavy, 28 Aibreán 1908 |
Náisiúntacht | Gearmáin na Naitsithe An Ghearmáin Thiar |
Bás | Hildesheim, 9 Deireadh Fómhair 1974 |
Áit adhlactha | Sliabh Shíón |
Cúis bháis | bás nádúrtha (cliseadh ae) |
Muintir | |
Céile/Céilí | Emilie Schindler |
Oideachas | |
Teangacha | An Ghearmáinis An tSeicis An Pholainnis An Spáinnis |
Gairm | |
Gairm | fiontraí, tionsclaí, ionadaí díolachán, duine den lucht gnó, trodaí frithbheartaíochta agus táirgeoir |
Duaiseanna | |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | Caitliceach neamhchleachtach Eaglais Laidine |
Páirtithe polaitíochta | Páirtí na Naitsithe Sudeten German Party (en) ![]() |
IMDb | nm0771861 |
oskarschindler.com |
Fear gnó agus Gearmánach eitneach ón tSeicslóvaic ab ea Oskar Schindler. Thug sé tarrtháil ar míle is dhá chéad Giúdach ón Uileloscadh,[1] le linn an Dara Cogadh Domhanda. Is minic a cuireadh i gcomparáid le Giorgio Perlasca é, nó Monsignor Hugh O'Flaherty.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Schindler i Zwittau (inniu, Svitavy i bPoblacht na Seice) ar an 28 Aibreán 1908.
Bhí Schindler ina chónaí i Regensburg tar éis an Dara Cogadh Domhanda ar feadh tréimhse ghearr, gan pingin rua; ansin chaith sé seal i München agus chuaigh ar sé imirce go dtí An Airgintín sa bhliain 1948. Tháinig sé ar ais i 1958, ach theip na gnóanna a bhí aige sa Ghearmáin freisin.
Fuair Schindler bás i Hildesheim sa Ghearmáin ar an 9 Deireadh Fómhair 1974.
Schindler's Ark[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhreac an t-údar Thomas Keneally síos scéal beatha Schindler agus d'fhoilsigh sé é faoin teideal Schindler's Ark sa bhliain 1982.[2]
Schindler's List[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba é an leabhar Keneally ba bhunús do scannán Steven Spielberg, Schindler's List, sa bhliain 1993.