Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022
| ||||
Cineál | oibríocht mhíleata | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Gaza–الاحتلال الصهيوني (en) | |||
Tréimhse | 5 - 7 Lúnasa 2022 | |||
Dáta na bliana | Lúnasa 2022 | |||
Suíomh | Stráice Gaza | |||
Tír | Stát na Palaistíne agus Iosrael | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | Tayseer Jabari (en) agus Palestinian Islamic Jihad (en) | |||
Meán cumarsáide | ||||
Thosaigh géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022 ar 3 Lúnasa 2022 nuair a rinne Iosrael ionsaí réamhchoisctheach ar Jiohád Ioslamach na Palaistíne[1] (an PIJ).
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar' 2 Lúnasa 2022, gabhadh Bassam al-Saadi, ceannaire áitiúil de chuid an PIJ, i Jenin,[2]
Trí lá níos déanaí, ar 5 Lúnasa, bhí sé fógartha ag an Aire Cosanta Benny Gantz ar Jiohád Ioslamach go raibh "a ré caite." Mar sin, bhí leid tugtha ag Rialtas Iosrael go rabhthas ar shéala fogha a thabhairt faoi Ghaza.[3]
I ngníomh' réamhchoisctheach' eile, maraíodh Tayseer al-Jabari, ball sinsearach den ghrúpa PIJ, de bharr ruathar na nIosraelach. Scaoileadh diúracáin ó scairdeitleáin le bloc árasán i gCathair Ghaza. Dúirt an IDF go raibh Tayseer freagrach as iliomad ionsaithe sceimhlitheoireachta ar shibhialtaigh Iosraelacha. Rinneach damáiste comhthaobhach. Maraíodh seachtar ar a laghad, cailín Palaistíneach cúig bliana ina measc.[3] Feallmharaíodh Tisir Jabari, ceannaire eile in ionsaí eile.
Mar fhreagra, scaoil Jiohád Ioslamach na céadta roicéad le lonnaíochtaí in Iosrael. Níor maraíodh éinne.
Bhí srianta le cois curtha ag na hIosraelaigh ar mhuintir Ghaza. Ní raibh cead ag daoine breoite a bhfuil coinní ospidéal acu ná daoine a bhfuil pasanna oibre acu an iamhchríoch a fhágáil. Bhí cosc freisin ar bhreosla a thabhairt isteach ann. Bhí an t-aon ionad ginte cumhachta i nGaza díomhaoin de cheal breosla ar 6 Lúnasa.[4]
Rinneadh na hÉigiptigh eadráin idir na hIosraelaigh agus Jiohád Ioslamach. Ar 7 Lúnasa, cuireadh i ngníomh sos comhraic idir iad agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne. An lá dár gcionn, ligeadh leoraithe lán breosla isteach i ndeisceart Ghaza.[5]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt na húdaráis i nGaza gur maraiodh 44 duine - cúig pháiste dhéag ina measc - agus gur donaíodh 360 de bharr ionsaithe buamála na nIosraelach ar an limistéar Palaistíneach idir 5-7 Lúnasa.
Ionsaithe eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí ruathair á dtabhairt mórán gach uile lá ag na hIosraelaigh faoin mBruach Thiar idir Máirt-Lúnasas agus iad ag féachaint le baill den eagraíocht mhíleata Jiohád Ioslamach na Palaistíne a ghabháil nó a mharú.
Ar 9 Lúnasa, mharaigh na na hIosraelaigh beirt bhall den eagraíocht mhíleata dá ngairtear Briogáid Mhairtírigh Al-Aqsa i dteach sa chathair Nablus ar an mBruach Thiar sna críocha Palaistíneacha; bhí duine de cheannasaithe na heagraíochta Ibrahim al-Nabulsi ar dhuine acu.[6] In iomlán, maraíodh triúr (nó níos mór) agus gortaíodh breis is 70 duine nuair a thug fórsaí Iosrael ruathar faoi Nablus.
Chaith ógánaigh Phalaistíneach clocha le saighdiúirí Iosrael le súil eang a chur sa roth acu, mar is iondúil (dála chás an leoin agus na luiche) [6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Coimhlint Iosrael-Hamas, 2014
- Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2021
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2023
- Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023
- Gaza (scannán 2019)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Islamic Jihad Movement in Palestine" (as en) (2022-08-08). Wikipedia.
- ↑ "With Islamic Jihad Leader's Arrest, Israel Stops West Bank Threat but Risks Another in Gaza" (en). Haaretz. Dáta rochtana: 2022-08-09.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2022-08-05). ""Cailín óg i measc na marbh de bharr ionsaithe Iosrael ar Ghaza"" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-08-08). "Leoraithe breosla á ligean isteach i nGaza arís" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-08-08). "Leoraithe breosla á ligean isteach i nGaza arís" (as ga-IE).
- ↑ 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2022-08-09). "Triúr Palaistíneach maraithe, 70 gortaithe ar an mBruach Thiar" (as ga-IE).