Ollscoil Notre Dame
Ollscoil taighde Chaitliceach is ea Ollscoil Notre Dame du Lac, nó Ollscoil Notre Dame mar is fearr aithne uirthi. Ar phrionsabail na Críostaíochta atá an ollscoil bunaithe.
Tá an choláiste ar an ollscoil chaitliceach is clúití agus is rathúla sna Stáit[1]. Ollscoil í ina bhfuil tábhacht nach beag leis an stair agus leis an chreideamh chaitliceach.
Tá sí suite lámh le South Bend in Indiana, sna Stáit Aontaithe.
Bhí 8,448 fochéimí ag déanamh staidéir inti agus 3,731 iarchéimí sa bhliain 2004.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh ionad oideachasúil in aice le South Bend Indiana i 1840. Osclaíodh Notre Dame ar 26 Samhain 1842. Bhunaigh an tAthair Edward Sorin CSC an ollscoil; eisean an chéad uachtarán ar an scoil.
Institiúid Chaitliceach a bhí inti le linn tréimhse nuair nach raibh mórán measa ag an bhunaíocht sna stáit ar inimircigh chaitliceacha, ba lú a meas ar mhuintir na hÉireann a phlódaigh isteach chun na Stát Aontaithe i ndiaidh an Ghorta Mhóir ina dtír féin. Ní raibh sé i bhfad go raibh cuid mhór Éireannach ag freastal ar Notre Dame.
Tá traidisiún fada cogaíochta ag baint leis an ollscoil ón chogadh cathartha sa naoi céad déag go dtí na cogaí domhanda agus go dtí an lá inniu[2].
Chaith an tAthair urramach Theodore (Ted) Hesburgh 35 bliain mar Uachtarán ar Notre Dame (1952–1987)[3]. Rinne sé institiúid mhór Mheiriceánach den ollscoil é féin. D’fhóin an tAthair Hesburgh ar go leor Coimisiúin Uachtaránachta de chuid SAM. Laoch an-mhór cearta sibhialta a bhí san Athair Hesburgh chomh maith.
Léann na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an-bhorradh faoi chúrsaí Léann na hÉireann Ollscoil Notre Dame, a bhuíoch sin do Donald Keough a thug suim mhór airgid don institiúid i 1992 chun tús a chur leis an chlár[4]. Cuireadh tús le hinstitiúid Mhic Eochaidh An Léinn Éireannaigh.
Freastalaíonn seacht gcéad scoláire uirthi as gach páirt de na Stáit Aontaithe i láthair na huaire (2014).
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rud a dhealaíonn an Léann Éireannach i Notre Dame ó ollscoileanna eile a dhéanann staidéar Éireannach na an bhéim a chuireann siad ar an Ghaeilge agus ar shaíocht sainiúil na hÉireann.
Is í Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge i Notre Dame an chéad roinn dá cineál i dTuaisceart Mheiriceá, a thugann deis do mhic léinn an Ghaeilge a fhoghlaim agus eolas a chur ar litríocht agus ar chultúr na Gaeilge[5]. Tá ceathrar múinteoir ag teagasc na Gaeilge (sa bhliain 2014) agus tá éileamh mór ar na ranganna teanga.
Chaith an t-ollamh Breandán Ó Buachalla seal in Ollscoil Notre Dame. Bhí sé ina ollamh (ar an gcéad duine ag freastal ar Ollúnacht Thomáis J. agus Chaitlín Uí Dhónaill leis an Teanga Ghaeilge agus le Litríocht na Gaeilge) i Roinn na Gaeilge agus na Litríochta Gaeilge in Ollscoil Notre Dame ó 2003 ar aghaidh.
Tá an t-údar Brian Ó Conchubhair ina stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha agus na gCultúr in Ollscoil Notre Dame agus ina Ollamh Comhlach i Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge (2017)[6].
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Na hÉireannaigh trodacha a thugtar ar pheileadóirí Notre Dame agus ar a lucht leanúna. Is daoine gorma cuid mhaith d’foireann peile “The Fighting Irish” agus is meascann maith ciníocha a bhíonn sa lucht leanúna.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ http://www.bbc.co.uk/northernireland/irish/srl/abroad/notre_dame.shtml
- ↑ http://www.bbc.co.uk/northernireland/irish/srl/abroad/notre_dame.shtml
- ↑ https://www.taoiseach.gov.ie/irish/Nuacht/Preaseisi%C3%BAnta%C3%AD_an_Taoisigh/D%C3%A9anann_an_Taoiseach_comhbhr%C3%B3n_ar_bh%C3%A1s_an_Athar_Theodore_Hesburgh_%C3%B3_Notre_Dame_.html
- ↑ http://www.beo.ie/alt-an-rath-ar-an-leann-eireannach-i-notre-dame.aspx
- ↑ http://irishlanguage.nd.edu/
- ↑ http://irishlanguage.nd.edu/people/brian-o-conchubhair/
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |