Nollaig Bheag
| Cineál | lá saoire | ||
|---|---|---|---|
| Comóireann sé | Eipeafáine | ||
| Lá | 6 Eanáir | ||
| Tír | Éire | ||
Nollaig Bheag (Little Christmas sa Bhéarla nó Natale Piccolo as Iodáilis) is ea an t-ainm coitianta Gaeilge ar an 6 Eanáir (nó Lá Nollag Beag, Nollaig na mBan, Lá Chinn an Dá Lá Dhéag nó fiú Eipeafáine nó Féile na dTrí Ríthe), an lá deireanach de shéasúr na Nollag.[1] Comharthaíonn sé deireadh laethanta saoire na scoile de ghnáth freisin.



Nollaig na mBan
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá traidisiún ann go bhfaigheann mná lá saoire ó \"dhualgais an tí" ar an lá seo. Is traidisiún iomlán Éireannach é, nós an-láidir i gCorcaigh fós ach lag sa tír in iomlán.
Ar na fir a thiteann obair an tí ar an 6 Eanáir, chun sos a thabhairt do mhná. Tugann sé seo seans do mhná dul ar cuairt ar chairde agus taitneamh a bhaint as an lá. [2] [3]
Eagraíonn na mná cóisireacha nó turais amach go dtí na bialanna nó na tábhairní. Bíonn na bialanna agus na tithe tábhairne lán go doras le mná an oíche sin. Go minic ceannaíonn páistí bronntanais dá máithreacha agus dá sean-mháithreacha.[4]
Nósanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tá sé mar nós ag daoine trí cinn de choinnle a lasadh sna fuinneoga le haghaidh Nollaig na mBan, mar aon le Oíche Nollag Beag nó Oíche na dTrí Ríthe mar a thugtar leis uirthi.[5]
- Oíche mhór siamsaíochta agus cluichí ab ea í seo fadó. Cuid mhaith dos na cluichí seo bhaineadar leis an bhfáistineacht – cúrsaí grá, pósta agus báis ina ábhar seoigh acu.
- Lastaí dhá cheann déag de choinnle (nó geitirí), mar shampla, agus gach aon choinneal acu luaite le duine a bhí sa chomhluadar. An choinneal ba thúisce a mhúchadh chreidtí go mbeadh an té sin ar an duine ba thúisce a chaillfí.
- I gCléire bhíodh sé de nós ag na hoileánaigh trí ghráinne a chur i gcíste agus an chéad duine a gheobhadh gráinne díobh siúd ina bhéal bhí sé ina rí i gcomhair na bliana! Bhíodh sé mar nós leis dorn breise mine nó sop féir a thabhairt dos na ba an oíche sin.
- Meastar go bhfuil sé mí-ámharach an crann Nollag agus na maisiúcháin a bhaint roimh Nollaig na mBan. [4]
I measc na dtraidisiún eile, tar éis Nollaig na mBan ba ghnáth le formhór na maisiúchán a bhaint, ach coinnítí cuileann go dtí Máirt na Inide, chun é a úsáid sa tine le pancóga a chócaráil. Ina theannta sin, bhíodh máithreacha ag cuimilt eireaball scadáin ar shúile a bpáistí mar chosaint i gcoinne galair.
Thar lear
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Albain, tugtar Nollaig Bheag ar Lá Caille (Là Challuinn, nó Là na Bliadhna Ùire de ghnáth) agus Là Féill nan Rìgh ar 6 Eanáir.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Seán Mac an tSíthigh (5 Eanáir 2023). "CARTLANN NA NOLLAG: Oíche Nollag Beag d’imíodh an Tréidín le gealaigh.." (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-23.
- ↑ Mise Áine (2013-01-06). "Mise Áine ag Rámhaille: Nathanna agus Nósanna na Nollag". Mise Áine ag Rámhaille. Dáta rochtana: 2021-01-06.
- ↑ An tOireachtas. "Oíche Nollag na mBan á Athmhúscailt ag An tOireachtas | Nuacht" (en-US). An tOireachtas. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-28. Dáta rochtana: 2021-01-06.
- ↑ 4.0 4.1 Jenna Goulding (2025-12-24). "Nollaig na mBan, traidisiúin agus féilte" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-12-26.
- ↑ Seán Mac an tSíthigh (2017). "Seachain go gceapfá gur oíche gan préamhacha, gan seasamh í Nollaig na mBan!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-06.
- ↑ "Little Christmas" (as en) (2023-01-04). Wikipedia.