Nollaig Bheag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Christmas decoration, the 3 kings that worship the little Jesus, as showed in our PKN church at Oosterbeek - panoramio.jpg

Nollaig Bheag (Little Christmas sa BhéarlaNatale Piccollo as Iodáilis) is ea an t-ainm coitianta Gaeilge ar an 6 Eanáir (nó Lá Nollag Beag, Eipeafáine, Lá Chinn an Dá Lá Dhéag nó fiú Féile na dTrí Ríthe), an deireanach de shéasúr na Nollag.

Comharthaíonn sé deireadh laethanta saoire na scoile freisin.

Adoration of the Magi, Bartolomé Esteban Murillo, 17ú haois

Soiscéal Naofa Íosa Críost[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glaoitear Oíche na dTrí Ríthe (‘Rite’ sa chaint) ar Oíche Nollag Beag i gCorca Dhuibhne[1]. Threoraigh réalt na Beithile chun láthair Íosa iad. Tagairt atá ann don dtriúr, an Magi, a tháinig fé bhráid an tSlánaitheora le bronntanais.

Seo sliocht as an Soiscéal naofa de réir Matha 2:1-10[2]

Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: "Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó." .. agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1582, d’athraigh an Pápa Griaire sa Róimh an féilire, rud a thug ‘Lá Nollag’ dhá lá dhéag chun cinn[3]. 'Sé an 6 Eanáir an Lá Chinn an Dá Lá Dhéag, de réir an Fhéilire Ghréagóra. .

Nollaig na mBan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar Nollaig na mBan (Women's Christmas as Béarla) uirthi freisin. Ar na fir a thiteann obair an tí ar an 6 Eanáir[4]. Tá traidisiún ann go bhfaigheann mná lá saoire ó dhualgais an tí ar an lá seo (traidisiún an-láidir i gCorcaigh ach lag sa tír in iomlán). Is traidisiún iomlán Éireannach é[5]. Eagraíonn na mná cóisireacha nó turais amach go dtí na bialanna nó na tábhairní. Bíonn na bialanna agus na tithe tábhairne lán go doras le mná an oíche sin. Go minic ceannaíonn páistí bronntanais dá máithreacha agus dá sean-mháithreacha.

Jan Steen - Festa de reis

Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tá sé mar nós ag daoine trí cinn de choinnle a lasadh sna fuinneoga le haghaidh Nollaig na mBan, mar aon leis an oíche aréir– Oíche Nollag Beag nó Oíche na dTrí Ríthe mar a thugtar leis uirthi.
  • Oíche mhór siamsaíochta agus cluichí ab ea í seo fadó. Cuid mhaith dos na cluichí seo bhaineadar leis an bhfáistineacht – cúrsaí grá, pósta agus báis ina ábhar seoigh acu.
  • Lastaí dhá cheann déag de choinnle (nó geitirí), mar shampla, agus gach aon choinneal acu luaite le duine a bhí sa chomhluadar. An choinneal ba thúisce a mhúchadh chreidtí go mbeadh an té sin ar an duine ba thúisce a chaillfí.
  • I gCléire bhíodh sé de nós ag na hoileánaigh trí ghráinne a chur i gcíste agus an chéad duine a gheobhadh gráinne díobh siúd ina bhéal bhí sé ina rí i gcomhair na bliana! Bhíodh sé mar nós leis dorn breise mine nó sop féir a thabhairt dos na ba an oíche sin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]