Nollaig Ní Laoire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Nollaig Ní Laoire
Amhráin is Ansa Liom-Nollaig Ní Laoire-www.TG4.ie- 6253026375 d5aa63803d o.jpg
Nollaig Ní Laoire ar Amhráin is Ansa Liom
  Contae na Mí
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Amhranaí
Seánra(í) ceoil Traidisiúnta
Gníomhach 2009-anois

Tá clú ar Nollaig Ní Laoire mar amhránaí ar an sean-nós.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Nollaig Ní Laoire as Dún Doire, gar go leor do Ráth Chairn i gContae na Mí[1]. Tá an ceol ó dhúchas i ó Ghaeltacht na Mí, agus is minic cloiste ag féilte agus i gcuideachta é.

Tá Nollaig Ní Laoire ag múineadh i nGaelscoil na Cille I gCill Dhéagláin.

Amhránaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Buaiteoir Chorn Uí Riada i 2010 ba í.[2][3] Ba í Nollaig Ní Laoire an duine is óige riamh a bhuaigh Corn Uí Riada, is an chéad duine riamh as Contae na Mí a bhuaigh an corn sin.

Rinneadh roinnt clár a raibh sé d'aidhm acu (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus í ag casadh amhrán ar an Sean-nós (amhránaíocht). Bhí Nollaig Ní Laoire ina aoi-amhránaí ar Amhráin is Ansa Liom ar TG4 i 2011 is í cur síos ar na hamhráin is fearr leí, ar an stíl cheoil is ansa leí agus ar foinse na n-amhrán atá aici.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. www.ilrweb.ie
  2. Fís Nuacht24.com- Nollaig Ní Laoire is í ar ais i Ráth Cairn an oíche tar éis di an duais mhór a bhuachán ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne.
  3. Chas Nollaig Ní Laoire an t-amhrán cáiliúil, ‘Dónall Óg’, ar dtús, agus, ansin, chas sí ‘Béal Átha na hAbhann’, dar le www.ilrweb.ie.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]