Nico Rosberg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nico Rosberg
Nico Rosberg 2016.jpg
Saol
Ainm iomlánNico Erik Rosberg
Eolas breitheWiesbaden, 27 Meitheamh 1985 (37 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Ghearmáin
An Fhionlainn
Áit chónaitheMonacó
Muintir
AthairKeke Rosberg
MáthairSina Rosberg
Oideachas
Teangachaan Fhraincis
an Béarla
An Ghearmáinis
An Spáinnis
Gairm
Gairmtiománaí Foirmle a hAon agus international forum participant (en) Aistrigh
Conair
  Foireann Comórtas
2006-2009 Williams Grand Prix Engineering (en) Aistrigh
2010-2017 Mercedes (en) Aistrigh
Meachán71 kg
Airde178 cm
Duaiseanna
IMDbnm2162538
nicorosberg.com agus nicorosberg.com
Instagramnicorosberg
Twitternicorosberg
Autograph Nico Rosberg.png

Tiománaí Gearmánach Foirmle a hAon is ea Nico Rosberg. Rugadh i Wiesbaden, Gearmáin é ar an 27 Meitheamh, 1985 [1] . Mac le buaiteoir na craoibhe domhanda Keke Rosberg ón bhFionlainn is ea é, ach is Gearmánach é féin. Bhuaigh sé an Sraith GP2 2005 leis an bhfoireann ART, tar éis dó a bheith ag tiomáint i SraithEorpach Foirmle a Thrí le foireann a athar.

Agus é aon bhliain déag d'aois, thosnaigh sé ag tiomáint cartanna, sa bhliain 1996. Ansin sa bhliain 2002 bhog sé go Foirmle BMW Gearmánach. Tar éis dó é sin a bhuachaint, d'imigh sé go Foirmle a Thrí chun tiomáint do Keke. D'fhan sé ann go dtí 2004, le roinnt éigin rath.

Sa bhliain 2005 chuaigh sé go dtí an tsraith nua GP2. D'éirigh thar barr leis agus bhuaigh sé le 15 pointe chun cinn ar Heikki Kovalainen sa dara háit.

I gcóir 2006 tá sé ag tiomáint don bhfoireann Williams i bhFoirmle a hAon. Ina chéad rás sa spórt chríochnaigh sé sna pointí tar éis dó 45 soicind a chailliúint ag tús toisc timpiste. Sa Mhaléis, níor éirigh chomh maith leis, toisc gur phléasc a inneall ag cur stop lena rás.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Nico Rosberg | Formula 1®" (en). Formula 1® - The Official F1® Website. Dáta rochtana: 2019-11-21.