Niall mac Eochadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNiall mac Eochadha
Beathaisnéis
Bás1063 (Féilire Ghréagóra)
Liosta Ríthe Uladh
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachDál Fiatach Cuir in eagar ar Wikidata

Rí Ulad de Dhál Fhiatach ba ea Niall mac Eochadha (Sean-Ghaeilge Niall mac Eochada) (bás 1063).[1] Bhí sé i réim ón mbliain 1016.

Fuair a athair, Eochaidh mac Ardgair, bás sa bhliain 1004. In éadan a mhuintire féin, Dál Fhiatach, a bhí a luath eachtra míleata. Chloígh sé a chol ceathrar sa bhliain 1012 i ‘gCath na Sléibhte’, agus sa bhliain 1020 chloígh agus dhall sé Flaithbeartach ó Eochadha.[1]

Sa bhliain 1022, chloígh sé ar muir Lochlannaigh Átha Cliath.[2] Chloígh sé ansin Oirialla, fo-ríocht Chineál Eoghain. Sa bhliain 1024, rinne sé ionradh ar Áth Cliath agus ghabh sé gialla, rud rathúil a rinne sé arís dhá bhliain i ndiaidh sin.[1]

Sa bhliain 1044, rinne Niall ionsaí ar ríocht Bhreá d'Uí Néill an Deiscirt, ach cloíodh é agus chaill sé 200 fearr.[1]

Sa bhliain 1047, rinne sé comhaontas le Diarmaid mac Maoil na mBó rud a chuir brú ar ríochtaí of ríocht na Mí, Breá and Átha Cliath ó thuaidh is ó dheas.[3]

Sa bhliain 1056, ghabh fir Uí Néill 3,000 bó agus seasca giall ó Dhál Araí, fo-ríocht na nUlad. Rinne Cineál Eoghain ruathar ann sa bhliain 1059.[1]

Measadh gur leath rí é Eochaidh mac Néill (bás 1062) was i dteannta lena athair. Rí Ulad fosta ba ea Donn Sléibhe Ó hEochadha (bás 1091), maraon le an-chuid dá sliochtaigh.[4]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Benjamin T. Hudson, ‘Niall mac Eochada (d. 1063)’, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004.
  2. Heald, Henrietta (1992). "Chronicle of Britain". Jacques Legrand. 
  3. Dáibhí Ó Cróinín, Early Medieval Ireland: 400–1200, Longman, Londain, 1995, lch. 52, ISBN 0-582-01565-0
  4. Francis John Byrne, Irish Kings and High Kings, Batsford, Londain, 1973, lch. 286, tábla 6. ISBN 0-7134-5882-8