Neil Armstrong
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en) Neil Alden Armstrong 5 Lúnasa 1930 Wapakoneta, Ohio |
| Bás | 25 Lúnasa 2012 82 bliana d'aois Cincinnati, Ohio |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Aimhréidhí máinliachta) |
| Áit adhlactha | an tAigéan Atlantach |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Dias |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil California Theas - innealtóireacht aeraspáis (–1970) Ardscoil Blume USC Viterbi School of Engineering (en) Ollscoil Purdue - aerloingseoireacht (–1955) Ardscoil Wapakoneta |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Naval aviation (en) |
| Gairm | spásaire (1962–1971), United States Naval Aviator (en) |
| Fostóir | Ollscoil Cincinnati (1971–1979) NASA, spásaire (1962–1971) Tallahassee |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla |
| Gairm mhíleata | |
| Brainse míleata | Cabhlach na Stát Aontaithe |
| Céim mhíleata | lieutenant junior grade (1953–) |
| Coinbhleacht | Cogadh na Cóiré |
| Am sa spás | 12,372.5 |
| Gníomhaíocht seachfheithicle | 21 Iúil 1969-21 Iúil 1969 (2 hours agus 31 minutes) |
| Misean spásaire | |
| Teaghlach | |
| Céile | Janet Shearon (1956–1994), colscaradh Carol Held Knight (1994–2012) |
| Páiste | Rick Armstrong ( |
| Athair | Stephen Koenig Armstrong agus Viola Louise Engel |
| Croineolaíocht | |
| 7 Lúnasa 2012 | coronary artery bypass surgery (en) |
| 21 Iúil 1969-21 Iúil 1969 | walk on the Moon (en) |
Gradam a fuarthas
| |
Ba spásaire Meiriceánach é Neil Alden Armstrong, an chéad duine riamh a shiúil ar dhromchla na Gealaí (a rugadh ar an 5 Lúnasa 1930 é i Wapakoneta, Ohio sna Stáit Aontaithe, agus cailleadh ar 25 Lúnasa 2012 é.)
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh sé go dtí an spás don chéad uair ar bhord an spásárthaigh Gemini 8 sa bhliain 1966.[1][2]
B'í an tuirlingt ar an nGealach a thabhaigh clú domhanda do Neil Armstrong, ní nach ionadh. Bhí sé i gceannas ar an misean spás Apollo 11 a rinne tuirlingt i Muir na Sáimhe ar an 20 Iúil, 1969.
Níor thuirling an spásárthach Apollo é féin ar an ngealach – spásárthach níos lú ar a dtugtar módúl gealaí a rinne amhlaidh. Bhí gá leis an módúl a scaradh ón bpríomhárthach sular thuirling sé. Bhí an t-ádh ar Armstrong gur thuirling éirigh leis – nuair a thuirling sé, ní raibh ach 30 soicind de bhreosla fágtha. D’féach 600 milliúin duine ó fud fad na cruinne a d’fhéach ar an tuirlingt.
Is iad na chéad fhocail a dúirt Neil Armstrong agus é ag siúl ar dhromchla na gealaí:
“One small step for man, one giant leap for mankind”.
Tá cliú agus cáil ar an ráiteas corraitheach seo. Cé gurb é Armstrong an chéad duine a shiúil ar an ngealach, ba é a chomhspásaire, Buzz Aldrin, an chéad duine a d’imigh ag an leithreas ann, agus úsáid á bhaint aige as feadán speisialta ina chulaith spáis.[3]
Chaith Armstrong agus Aldrin dhá uair an chloig go leith ar dhromchla na Gealaí ag déanamh taiscéalaíochta. Bhailigh siad 21.5kg d’ábhar gealaí le tabhairt abhaile. Le linn an ama seo, d'fhan an tríú spásaire, Michael Collins ag fithisiú na gealaí sa Mhodúl Ceannasaíochta le linn chuairt na beirte eile ar ár satailít.
Chun an domhan a bhaint amach arís, bhí ar an módúl córas teilgthe a úsáid chun iad féin a chur sa spás arís agus nascadh leis an bpríomhárthach.
B'é Apollo 11 an misean deireanach spáis a raibh Armstrong páirteach ann. Ina dhiaidh sin, thréig sé an NASA agus chuaigh sé ag múineadh innealtóireachta in Ollscoil Cincinnati, Ohio.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ tairseachcogg.ie. "An tuirlingt ar an ngealach 1969". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ Cathal Mac Coille (13 Iúil 2019). "Céim mhór eile chun cinn ag teastáil ón gcine daonna 50 bliain ó leagadh cos ar an ngealach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-09.
- ↑ rte.ie (2021). "An Ghrianchóras". Dáta rochtana: 2025.