Naomh Ursula
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 haois Corn na Breataine |
Bás | 385 Köln |
Siocair bháis | Dúnbhású |
Áit adhlactha | Sint-Janshospitaal (en) Cathedral of the Assumption of the Madonna (en) |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse ama | Low Roman Empire (en) |
Tréimhse oibre | 4 haois – 4 haois |
Teangacha | An Choirnis, an Bhriotáinis agus an Laidin |
Ardú | |
Lá féile | 21 Deireadh Fómhair |
Eile | |
Teideal uasal | Banphrionsa |
Céile | Conan Meriadoc |
Páiste | Gadeon |
Athair | Dionotus |
Croineolaíocht | |
Saint Ursula goes to Cologne (en) |
Naomh Rómhánach-Bhriotanach is ea Naomh Ursula. Tá 385 AD i measc na mblianta a luaitear san iliomad cuntas ar bheatha Ursula mar bhliain a báis.
Ceiliúrtar a lá féile ar an 21 Deireadh Fómhair (de réir an Féilire Ginearálta Caitliceach).
"Béarín beag baineann" an chiall atá le Ursula i Laidin ("ours" i bhFraincis inniu).
Finscéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Creideann formhór na staraithe gur finscéal é scéal Naomh Ursula. De réir bhéaloideas na meánaoise[1], seo creatlach scéal Ursula:
Bhí Dionotus ina Rí ar Dumnonia, ríocht in iardheisceart na Breataine. Bhí iníon aige, Ursula. Ar iarratas a hathair, bhí sí geallta do rí pagánach in Armorica (an Bhriotáin sa Fhrainc inniu). Thosaigh sí amach le 11,000 maighdean mar chompánaigh aici. Sheol siad go hArmorica, agus shroich siad an tír úd in aon lá amháin, slán sábháilte. Ach nuair a bhí an Mhór-roinn bainte amach aici, shocraigh Ursula dul ar oilithreacht go dtí an Talamh Naofa. Bhí sé de mhí-ádh orthu casadh ar phágánaigh in Köln, sa Ghearmáin, agus cuireadh chun báis iad; dícheannaíodh na maighdeanacha go léir; ach mharaigh an taoiseach Hunach Ursula le saighead.
Sunniva
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá finscéal Ursula agus scéal Naomh Sunniva cosúil lena chéile ar bhealaí áirithe. Banphrionsa Críostaí Éireannach ba ea Sunniva sa 9ú haois. Scríobhadh an chéad chuntas ar Naomh Ursula, áfach, roimh shaol Sunnifa, agus tá scoláirí amhrasach arbh fhéidir le haon nasc a bheith ann idir an dá scéal.
Na hUrsalaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh Cuallacht Aingil de Naomh Ursula, nó na hUrsalaigh, ar an mná a bhí ag obair le Naomh Aingeal Merici[2]. Dob iad an chéad chuallacht bean rialta a d’oibrigh taobh amuigh den chlochar iad, agus an chéad ghrúpa bean rialta le múineadh a dhéanamh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ursula agus na Mílte a Maraíodh", EAGRÁN 124 · LÚNASA 2011 http://www.beo.ie/alt-ciste-na-bhflaitheas.aspx
- ↑ Acmhainní do Phobal na Scoile, Seachtain na Scoileanna Caitliceacha, 2009 http://www.catholicbishops.ie/wp-content/uploads/images/stories/features/Catholic_Schools_Week/primary_gaeilge.pdf