Sunniva

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Naomh Sunniva

Naomh ón 10ú haois agus éarlamh ar Dheois Bjørgvin san Iorua, ar Iarthar na Iorua uilig (Vestlandet), agus ar óige na hIorua ab ea Naomh Sunniva. De réir thraidisiúin, rugadh in Éirinn í agus in Selje na hIorua a fuair sí bás. Sunnifa an leagan dá hainm sa tSean-Lochlainnis, bunnaithe ar an leagan sa Sean-Bhéarla, Sunngifu. Ceiliúrann an 8 Iúil a féile.

Ceanglaíodh í i dtraidisiúin na nIoruach le Naomh Alban, Briotanach Rómhánach agus deartháir le Sunniva, dar leis na scéalta.

Mainistir Selje ar oileán feadh chósta na hIorua. Is ann a chuir Sunniva fúithi agus a fuair sí bás.

Scéal Sunniva[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na scéalta, finscéalta a chreidtear, ba iníon le rí Éireannach í Sunniva, a raibh clú uirthi as a flaithiúlachta agus a rachmas. Nuair a rinne fear míchlúiteach pagánach ionradh ar an tír ag iarraidh ise a phósadh, chinn Sunniva ar éalú ón tír, rud a rinne sí le cuid daoine eile ar bord trí bhád gan seoltaí, stiúir ná rámhaí, ná fiú ceannscríbe acu. Thug an sruth soir iad agus ó thuaidh gur shroich siad cósta thiar na hIorua. Dhírigh cuid d'fhoireann na mbád ar oileán Kinn, ach chuaigh Sunniva agus an chuid ba mhó dá lucht cuimhdeachta i dtír in oileán Selje, i mbéal Fhiord Nordfjord, i gcúige Sogn og Fjordane inniu, agus chuir siad fúthu i bpluais. Bhí na daoine áitiúla in amhras ar heachtrannaigh. I ndiaidh goideadh caorach a bheith curtha ina leith shocraigh lucht na háite ar na daoine nua tagtha a mharú. Chuaigh siad i muinín arm ach tháinig stoirm sa bhealach orthu. Ansn chuir Håkon Sigurdsson, ceannaire ar chuid den Iorua, saighdiúirí le Sunniva agus a muintir a mharú, ach dhruid Dia bealach isteach na pluaise le clocha móra. Nuair a tháinig an rí Olaf Tryggvason an t-oileán, deirtear gur tháinig sé ar chnámha cumhra sa phluais agus gur ordaigh sé séipéal a thógáil san áit mar a gcuirfeadh cnámha Sunniva i gcófra.