Mobhí Cláraineach
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 haois |
Bás | 544 (Féilire Ghréagóra) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Plá) |
Ab | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | duine rialta |
Ball de | |
Ardú | |
Lá féile | 12 Deireadh Fómhair |
Naomh manachúil Éireannach ab ea Mobhí Cláraineach (nó Bearchán), a áirítear mar dhuine de Dhá Aspal Déag na hÉireann. Bhí sé ina ab ar mhainistir i nGlas Naíon, áit ar mhúin sé Colm Cille, Naomh Cainneach, Comhghall, agus Ciarán Saighre.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ina shaothar Trias Thaumaturga, rinne Seán Mac Colgáin cur síos ar Mhobhí mar a leanas: “Naomh Berchanus, ar a thugtaí Mobianus Clairenach, mac Beoain, mic Bressal, mic Ailgin, mic Igna, mic Athra, mic Lughna Trinog, mic Brecdulb, mic Airt Corp, mic Cairbre Niadh, &c... in áit ar a dtugtar Glas Naíon, sa dúiche Galengae 12 Deireadh Fómhair agus cois abhainn na Life sa Lagenia.”[1][2] Ba ghaol le Bríd Chill Dara é.[1]
I Martarlaig Oengus, déantar cur síos air mar “Mobí mac Beoain do Corco trí do Luignib Connacht,” agus deir sé gurb í “Huaine ingen Fhindbarr” a mháthair.[3]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ciallaíonn an t-ainm cláraineach “duine a bhfuil aghaidh chothrom air”,[4] toisc go deirtear gur rugadh gan súile gan srón é.[5] An chúis a bhí leis an gcuma aisteach seo ná gur “chuir an domhan brú air” nuair a rugadh é (Clar enech he, ar ro thairin talamh he corbo aenchlar).[3] Deirtear gur leigheasadh go míorúilteach é nuair a steall sé uisce baiste Dháibhí ar a aghaidh trí huaire.[5]
Ba mhúinteoir i scoil mhainistreach é Mobhí, áit ar mhúin sé go leor naomh Éireannach mór le rá. Nuair a bhí an scoil i mbarr a réime, bhí tuairim is caoga scoláire ann.[1]
Ba é Mobhí a thug cead do Cholm Cille, ag uair a bháis, Scoil Dhoire a bhunú.[6] Fuair sé bás ar 12 Deireadh Fómhair 544 den phlá a scoir a scoil.[7]
Adhradh
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’aithin a dhaltaí féin Mobhí mar naomh go luath i ndiaidh a bháis.
Dúirt an tArdeaspag John Healy, ina leabhar Insula Sanctorum et Doctorum, gur “máistir mór ar an saol spioradálta” é Mobhí.[7]
Ceiliúrtar a fhéile ar 12 Deireadh Fómhair,[8] agus inniu tá paróiste de chuid Eaglais na hÉireann i nGlas Naíon ainmnithe i ndiaidh Naomh Mobhí.[9]
Tá sé luaite i Martarlaig Dhún na nGall ar an 12 Deireadh Fómhair, lá a bháis, agus déantar cur síos air mar a leanas: “Mobhí Cláraineach, ab Ghlas Naíon, i bhFine Gall, ar bruach abhainn na Life, an taobh thuaidh; agus Bearchán ainm eile dó.”[1][10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Archdall, Mervyn (1876). "Monasticon Hibernicum" II: 83–84. Dublin: W.B. Kelly.
- ↑ Mac Colgáin, Seán. "Acta sanctorum veteris et maioris Scotiae seu Hiberniae sanctorum insulae". “Sanctus Berchanus, qui & Mobianus cognomento Clairenach filius Beoani, filii Bressalii, filii Ailgini filii Igna, filii Athra, filii Lughna Trinog, filii Brecdulbii, filii Arturi Corbi, filii Carbrei Niadh &c. vt supra, Colitur in loco qui dicitur Clas-naoidhen, in regione Galengae 12. Octobr. & iuxta Liffeum fluuium in Lagenia”
- ↑ 3.0 3.1 Félire Óengusso Céli Dé (1905). "The Martyrology of Oengus the Culdee": 216–225. London: Harrison and Sons.
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): cláraineach” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-07-09.
- ↑ 5.0 5.1 "St David of Wales: Cult, Church and Nation" (2007). Woodbridge: The Boydell Press. ISBN 9781843833222.
- ↑ Faulkenbury. "Out of the Mist".
- ↑ 7.0 7.1 Healy, John (1893). "Insula Sanctorum et Doctorum; or Ireland's Ancient Schools and Scholars": 90–91. Library of Alexandria. ISBN 9781465560506.
- ↑ Mooney (21 January 2009). “St. Finnian of Clonard, Bishop”. Celtic and Old English Saints. Dáta rochtana: 9 March 2014.
- ↑ “Santry, Glasnevin and Finglas”. The United Dioceses of Dublin & Gendalough (2008). Dáta rochtana: 10 March 2014.
- ↑ Ó Cléirigh, Mícheál (1864). "Martyrologium Dungallense" [Martarlaig Dhún na nGall]: 273–275. Baile Átha Cliath: Irish Archaeological and Celtic Society. “Mobhi clairenech, ab ó Glais Naoidhen i nGallaibh for bru abhand Life don leith a tuaidh, acus Berchan ainm oile do.”