Messe ocus Pangur Bán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An dán sa lámhscríbhinn Reichenau.

Is dán Sean-Ghaeilge é Messe ocus Pangur Bán a scríobhadh sa 9ú haois i gcomharsanacht Mhainistir Reichenau, áit atá ar theorainn theas na Gearmáine sa lá atá inniu ann. Ba mhanach Éireannach é an té a chum an dán ina gcuireann sé a cheird léannta i gcomparáid le saothar soineanta a chait. Ní fios cé a scríobh an dán ná cén brí a bhí le Pangur ach tá teoricí éagsúla ann.

Caomhnaíodh an dán i lámhscríbhinn amháin, an Bunleabhar Reichenau atá anois i Mainistir Naomh Pól sa Lavanttal, san Ostair.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl an dán le fáil ach i lámhscribhinn amháin, an Bunleabhar Reichenau (Stift St. Paul Cod. 86b/1 fol 1v). De réir dealraimh ba leabhar nótaí le manach Éireannach lonnaithe i Mainistir Reichenau é. Níl ach 8 mbileog sa leabhar ach tá a lán ábhair éagsúla ann: iomainn Laidine, mínithe gramadacha le sanais i Sean-Ghearmáinis Ard, táblaí de dhíochlaontaí Gréigise, táblaí réalteolaíocha agus cúig dhán Sean-Ghaeilge. De réir an ábhair, creidtear gur leabhar nótaí mic léinn a bhí ann.[1] Aontaíonn Toner agus Oskamp gur scríobhadh é sna 840í.[2] [1]

Ba mhainistir Bheinidicteach í Reichenau, bunaithe ag Naomh Pirmin ar oileán Reichenau i Loch Konstanz. Cé gur bhain sí cáil amach níos déanaí i ndéanamh lámhscríbhinní maisithe go galánta sómhar, bhí a clú sa tréimhse seo bunaithe ar táirgeadh cléireach do sheansaireachtaí na hImpireachta Cairilínsí.[3]

Inniu, tá an lámhscríbhinn i mainistir Bheinidicteach eile, Mainistir Naomh Pól sa Lavanttal, i stát Kärnten na hOstaire.

An tÚdar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl mórán leideanna sa téacs ach tá dán molta ann tiomnaithe do Áed mac Díarmata. Níor rinneadh sainaithint shásúil air go fóill áfach.

Ceapann Greene agus O'Connor[4] go bhfuil cosúlachtaí ann le filíocht Sedulius Scottus ach d’fhág seisean Éire le dul go Liège sa tréimhse chéanna (c. 840–845) agus níl aon fhianaise ann gur chaith sé seal i Reichenau.[5]

An Dán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí samplaí den tSean-Ghaeilge atá le fáil ar imeall téacs eile, ach sa lámhscríbhinn seo tá an chéad áit ar an leathanach ag an dán.

Tá ocht rann sa dán agus seacht siolla i ngach ceathrú díobh. Deibhidhe an cineál meadarachta atá ann: déanann an focal deireanach sa chéad cheathrú (a bhfuil béim air) rím leis an siolla deireanach sa dara ceathrú (nach bhfuil béim air) agus tá an patrún céanna ann idir an tríú ceathrú is an ceathrú deireanach den rann. Mar shampla (trom = béim, folíne = rím): bánsaindan | seilggsaincheirdd. Tá go leor samplaí d’uaim sa dán freisin—m.sh. lebran leir | scél cen scís | luch inna línsam | ndene dul—rud a bhí ríthábhachtach. Gné eile de na riachtanais fhilíochta le fáil sa dán ná dunadh: tá a chríoch mar a thús .i. an focal messe.

Pangur[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fios cén brí a bhí leis an ainm Pangur ach bhí an tOllamh W. J. Gruffydd den tuairim gur tháinig sé ón bhfocal Breatnaise pannwr (úcaire) a bheadh litriú pangur air i Sean-Bhreatnais (pannu “úc” + gŵr “fear”).[6][7] Deirtear go mbeadh an t‑úcaire bán ón obair le cré úcaire agus go bhfuil cosúlachtaí ann idir úcadh agus suaitheadh an chait leis a chrúba. Ach is deacair samhlú gur thug manach cat ón mBreatain Bheag chun na Gearmáine sa ré úd nó gur bhaist sé ainm Breatnaise ar chat sa Ghearmáin gan oiread is focal Breatnaise a scríobh.

Téacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téacs bunaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Messe ocus Pangur Bán · cechtar nathar fria saindan
bíth a menmasam fri seilgg · mu menma céin im saincheirdd.

Caraimse fos ferr cach clú · oc mu lebran leir ingnu
ni foirmtech frimm Pangur Bán · caraid cesin a maccdán.

Orubiam scél cen scís · innar tegdais ar noendís
taithiumm dichrichide clius · ni fristarddam arnáthius.

Gnáth huaraib ar gressaib gal · glenaid luch inna línsam
os mé dufuit im lín chéin · dliged ndoraid cu ndronchéill.

Fuachaidsem fri frega fál · a rosc anglése comlán
fuachimm chein fri fegi fis · mu rosc reil cesu imdis.

Faelidsem cu ndene dul · hinglen luch inna gerchrub
hi tucu cheist ndoraid ndil · os me chene am faelid.

Cia beimmi amin nach ré · ni derban cách a chele
maith la cechtar nár a dán · subaigthius a óenurán.

He fesin as choimsid dáu · in muid dungní cach oenláu
du thabairt doraid du glé · for mu mud cein am messe.[8]

Tras-scríbhinn foghraíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

m´es´e ogus paŋgur baːn ‖ k´extər ɴaθər f´ʀ´ia haɴ´daːn
b´iːθ a ṽ´enma-saṽ f´ʀ´i s´eʟ´g´ ‖ mu ṽ´enma k´eːn´ im´ han´x´eʀ´d´

karəm´-s´e fos, f´eʀ kax kʟuː ‖ og mu l´evraːn ʟ´eːr´ iŋgɴu
ɴ´iː foʀ´m´dəx f´ʀ´im paŋgur baːn ‖ karəð´ k´es´ən´ a ṽakðaːn

oː ru·b´iə̈ṽ (s´keːl k´en s´k´iːs´) ‖ iɴər d´eɣðəs´ ar noi̯ɴd´iːs´
taːθ´uɴ (d´iːx´r´iːx´əð´e k´ʟ´iu̯s) ‖ ɴ´iː f´ʀ´is·tardəṽ ar naːθ´us

gɴaːθ uarəv´ ar ɣ´r´esəv´ gal ‖ g´ʟ´enəð´ ʟux iɴa l´iːn-saṽ
os m´eː, du·fud´ im l´iːn x´eːn ‖ d´ʟ´iɣ´əð ɴdorəð´ ku ɴdʀonx´eːʟ´

fuaxəð´-s´eṽ f´ʀ´i f´ʀ´eɣa faːl ‖ a rosk aŋ´g´ʟ´eːs´e koṽlaːn
fuaxəm´ x´eːn´ f´ʀ´i f´eɣ´i v´is´ ‖ mu rosk ʀ´eːl´ k´esu im´ð´əs´

fai̯l´əð´-s´eṽ ku ɴ´d´eːn´e ðul ‖ i·ŋ´g´ʟ´en ʟux iɴa ɣ´eːrxruv
i·dugu xes´t´ ɴdoreð´ ɴ´d´il´ ‖ os m´eː x´en´e am fai̯l´əð´

k´ia b´em´i am´iːn´ ɴax ʀ´eː ‖ ɴ´iː·d´ervən kaːx a x´eːl´e
maθ´ la k´extər ɴaːr a ðaːn ‖ suvəɣ´θ´us a oi̯nuraːn

eː f´es´ən as xom´səð´ daːu̯ ‖ in ṽuð´ du·ŋ´g´ɴ´iː kax oi̯nlaːu̯
du θavəʀ´t´ dorəð´ du ɣ´l´eː ‖ for mu ṽuð k´eːn´ am m´es´e
[1][9]

Aistriúchán agus athfhorbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nua-Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dócha go bhfuil go leor leaganacha Nua-Ghaeilge scríofa agus cloíonn cuid mhaith acu le struchtúr agus foclóir an bhuntéacs. Sa chéad eagrán d’Éigse (1901) thug Tadhg “Tórna” Ó Donnchadha faoi aistriúchán a dhéanamh “i n-Gaedhilg nuaidh”.[10] Sa bhliain 1948, d’fhoilsigh Séamas Ó Néill leagan in Comhar mar “dán do pháistí”.[11]

Tadhg Ó Donnchadha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mise agus Pangur Bán
Ceachtar dhínn le’ ghnó de-ghnáth ;
Bíonn a mheanm-san le seilg
Mo mheanma féin lem’ éin-cheird.

Caraim-se sos is ciúnas
Im leabhrán do léir-scrúdadh ;
Ní formdach liom Pangur Bán
Carann féin a chéird mhacán ;

Nuair a bhímíd—scéal gan scís
ins an dtigh i n­‑ár n‑éin‑dís,
Bíonn againn gan chríochnadh chleas
nídh le ngléirtar ár ngliceas.

Gnáth uaireanta ar ghreasaibh gal
go leanann luch dá líon-san ;
Tuiteann tráth im líon-sa féin
fo-cheist deacair le do-chéill.

Caitheann-san ar fuid bhalla
a ruisc léire lúthmhara ;
Caithim féin le fál feasa
mo ruisc righne ró-gheala.

Bród do-san le déine dul
nuair innlann luch n‑a ghéar-chrubh ;
Nuair thuigim ceist dheacair dhil
damh-sa cheana ’s cúis áthis.

Bíodh gurb amhlaidh dhúinne ghnáith
ní bhacann cách le’ chompáin ;
Maith linn araon gné ár gcleas
cách in aonar len’ aoibhneas.

Cumas maith aige-sean tá
ar ghnó do-ghní gach éan-lá ;

Ar dheacair do dhéanamh glé
deagh-mháighistir seadh mise.



Séamas Ó Néill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mise agus Pangur Bán,
Sinne beirt san obairlann,
Eisean de shíor ag seilg luch,
Mise ar lorg eolais.

Is fearr liom féin ná gach clú,
Bhéith ag déanamh léinn, cé mór-dhua,
Ní ag éad liom ’bhíonn Pangur Bán,
Tá a cheard féin aige-sean.

Le linn dúinn bheith annseo linn féin,
Is ábhar aoibhnis againn araon,
Ar gcleasa gaile a imirt fá seach,
Ag feabhasú ar meabhrach.

Ar uairibh ceapann Pangur Bán
luchóg ina líon-san,
Agus tuiteann in mo líon-sa ceist,
Nach mór domh a fuascailt.

Díríonn seisean a shúil ghlinn,
Ar aol-chlocha an bhalla,
Dírím féin mo rosc fann,
Ar chliatha an fheasa.

Léimeann Pangur le hathas ard,
Nuair a leagann sé ar luich géar-chrúbh,
Is rómhór m’athas féin,
Nuair a réitím fadhb dhoiléir.

Cé gurb’ amhlaidh dúinn gach ré,
Ní bhacaimid a chéile,
Leanann Pangur dá cheird féin,
’S saothraím-se an ealaín.

Is cliste mar ní Pangur séimh,
A obair chiuin i rith gach lae,
Is dícheallach a bhím féin,

Ag iarraidh dorcha a dhéanamh glé.



Mícheál Rhodes[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mise agus Pangur bán,
ceachtar againn lena shan-dhán:
bíonn a mheanma-san le seilg,
mo mheanma féin i mo shain-cheird.

Caraimse fos, fearr gach clú
ag mo leabhrán, ag tuiscint go dícheallach;
níl sé formadach liom, Pangur bán:
carann sé féin a mhac-dhán.

Nuair a bhímid, scéal gan scís,
inár teach, sinn araon go haonarach,
tá cluiche éigríochta againn,
rud a dtugaimid ár mbeartaíocht dó.

De ghnáth, ar uairantaibh, tar éis greasaibh galacha
gleanann luch ina líon-san;
agus mé, titeann i mo líon féin
dlí doraidh is deacair a thuiscint.

Greamaíonn sé i bhfraigh fáil
a rosc geal comhlán;
greamaím féin i bhféighe an fheasa
mo rosc réil, cé go bhfuil sé an-lag.

Tá áthas air a dhul go tapa
nuair a ghleanann luch ina chrúb ghéar;
nuair a thugaim ceist dhoraidh dhil
tá áthas ormsa féin.

Cé go mbeimis go deimhin ar uaireantaibh
ní bhodhraímid a chéile:
is maith le ceachtar a dhán;
subhaigh gach aon fúthu.

Is é féin máistir dó
na hoibre a dheineann sé gach aon lá;
a thabhairt doraidh do shoiléireacht
is í m obair féin.[12]


Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

^ Tá an tras-scríbhinn seo bunaithe ar leagan Stifter le cúpla athrú:

Séimhiú Láidir gan séimhiú
b c d g l m n p r l n r
Stifter β χ δ γ λ μ ν φ ρ l n r
anseo v x ð ɣ l n f r ʟ ɴ ʀ
  • úsáidtear an gnáthchomhartha faid (ː) in áit an mhacrain .i. /eː/ in áit /ē/
  • coinnítear /i̯/ agus /u̯/ le haghaidh na gutaí consanta, cé gur féidir /j/ agus /w/ a chur ina n-áit

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Oskamp, H. (1978). "The Irish material in the St. Paul Irish codex" Éigse (17): 385–91. 
  2. Toner, G. (2009). "‘Messe ocus Pangur Bán’: structure and cosmology" Cambrian Medieval Celtic Studies (57): 1–22. 
  3. Riche, Pierre; Michael Idomir Allen (aistritheoir) (1993). "The Carolingians: A Family Who Forged Europe". University of Pennsylvania Press. 
  4. Greene, David; O'Connor, Frank (1967). "A Golden treasury of Irish poetry, A.D. 600 to A.D. 1200" (Reprinted 1990, Dingle: Brandon). London: Macmillan. OCLC 59909627. 
  5. Krstovic, Jelena O (eag.) (2006). "Sedulius Scottus" Classical and Medieval Literature Criticism (86): 221. Detroit, Mich.: Gale. OCLC 644697691. 
  6. Gruffydd, W. J. (November 1933). "Pangur" Bulletin of the Board of Celtic Studies (vii, 1). University of Wales. 
  7. Morgan, T. J. (30 June 1934). "Welsh Studies" The Year’s Work in Modern Language Studies (5): 186. 
  8. Stokes, Whitley; Strachan, John (1903). "Poems in the Codex S. Pauli" Thesaurus Palaeohibernicus: A Collection of Old-Irish Glosses, Scholia, Prose and Verse (II): 293. Cambridge University Press. 
  9. Stifter, David (2006). "Sengoidelc: Old Irish for beginners". Syracuse, N.Y.: Syracuse University Press. OCLC 67392998. 
  10. Ó Donnchadha, Tadhg (1904). "‘Pangur Bán’ i n-Gaedhilg nuaidh" Éigse (1): 66. 
  11. Ó Néill, Séamas (Samhain, 1948). "Dán do Pháistí: Pangur Bán" Comhar (7, Uimh. 11): 7. 
  12. Mícheál Rhodes (1 Lúnasa 1994). "Bunléitheoireacht Gaelach 12: Messe ocus Pangur Bán". Dáta rochtana: 13 Aibreán 2022.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]