Plé:Messe ocus Pangur Bán

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Naisc sheachtracha[athraigh foinse]

Rinne mé beagán athchóirithe orthu agus bhain mé an nasc seo thíos. Baineann sé le téacs eile ar fad (lámhscríbhinn Naomh Gall).

* www.stgallpriscian.ie - Grianghraf ó lámhscríbhinn St. Pauli; an leathanach leis an ndán cáiliúil sin "Mise agus Pangur Bán"

Moilleadóir 07:01, 11 Aibreán 2022 (UTC)[reply]

Ní féidir liom a fháil amach cad as a tháinig an brí “bán” le haghaidh pan. Tá seacht n-iontráil in Geiriadur Prifysgol Cymru le haghaidh pan agus cheithre cinn eile le haghaidh pân, ach ní luaitear “báine” ar chor ar bith.

pan2fulled (of cloth, &c.); (for) fulling.
pân1 [bnth. H. Ffr. pan(n)e, o bosibl drwy’r S. C.] … fur, ermine, down, fluff, (animal) skin, pelt, also transf.; stoat, ermine.

Bhí an tOllamh W. J. Gruffydd den tuairim gur tháinig an t-ainm ón bhfocal Breatnaise pannwr “úcaire”, ach is dócha nach bhfuil ann sa dá chás seo ach tuairimíocht. Cé gur smaoineamh tarraingteach é go mbeadh úcaire bán as bheith ag obair le cré úcaire agus go bhfuil cosúlachtaí ann idir úcadh agus suaitheadh an chait, is deacair creideamh gur thug manach cat leis ón mBreatain Bheag chun na Gearmáine sa naoú haois agus gur bhaist sé ainm air ag taispeáint sanas focail Bhreatnais (pannwr > pannu + gŵr). B’fhéidir gur tharla, ach ní ceart é a chur síos sa Vicípéid mar an fhírinne lom. ⚜ Moilleadóir 12:51, 13 Aibreán 2022 (UTC)[reply]