Meat Loaf (amhránaí)
Amhránaí agus ceannródaí an rac-cheoil a bhí i Meat Loaf[1] nó Marvin Lee Aday (a rugadh i nDallas, Texas ar 27 Meán Fómhair 1947 – 20 Eanáir 2022, Nashville)
Dhíol Meatloaf 100 milliún albam le linn a ghairme agus bhí sé gníomhach thar thréimhse seasca bliain. Ghlac sé páirt i mbreis agus 65 scannán,Fight Club, Focus, Rocky Horror Picture Show agus Wayne's World ina measc.[2]
Tá Bat Out of Hell (1977) fós i measc na ndeich albam is mó ar díoladh cóip díobh riamh.
Meath agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thit Meat Loaf de phleist ar stáitse sa bhliain 2016 ach lean a chuid amhránaíochta ar aghaidh. Fuarthas amach go raibh Meat Loaf ag beolbheachtú i rith na ceolchoirme.[3][4]
Bhí Meat Loaf i bhfad amach ar an eite dheis. Dúirt sé, mar gheall ar Covid, "if I die, I die - I'm not going to be controlled". Ach bhuail Covid Meat Loaf agus fuair sé bás de bharr an víris chorónaigh.[5]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ nó Meatloaf
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-01-21). "Meatloaf, 74, básaithe" (in ga).
- ↑ Euronews (2016). "Meat Loaf collapses on stage singing 'I’d Do Anything for Love'" (in en).
- ↑ "Shock moment Meat Loaf collapses on stage for the FOURTH time 3yrs before he died" (en-gb). The Sun (2022-01-21). Dáta rochtana: 2022-01-24.
- ↑ "Meat Loaf died after ‘catching Covid’ aged 74, reports claim" (en-gb). The Sun (2022-01-21). Dáta rochtana: 2022-01-24.