Jump to content

Meán-saorchonair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is meán-saorchonair[1][2] ann ná an meánfhad a thaistealaíonn adamhmóilín roimh imbhualadh le ceann eile, de réir cineáil, 60 nm i ngáis. Úsáidtear an tsiombail l uirthi, agus tomhaistear i méadair (m) í. Tá an chainníocht seo tábhachtach i dtuiscint airíonna na ngás, in idirleathadh mar shampla, agus i bhfeiniméin cosúil le gluaiseacht cáithníní mar leictreoin is neodróin trí sholaid.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): meán-saorchonair” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-06-17.
  2. “meán-saorchonair” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-17.
  3. Hussey, Matt (2011). "Meánsaorchonair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 444.