Idirleathadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San eolaíocht, an bealach a ngluaiseann adaimh nó páirteagail trí ábhar toirtiúil, le himbhuailtí randamacha le chéile agus le móilíní an ábhair féin. Mar shampla, nuair a sceitear roinnt gáis nó cumhráin san aer, gluaiseann na móilíní gáis nó cumhráin i dtreo na n-áiteanna a bhfuil tiúchan íseal den ábhar sin agus amach ón áit ina bhfuil tiúchan ard de. Bíonn idirleathadh mar seo ag feidhmiú i gcónaí síos claonán tiúchain an ábhair idirleata chun an tiúchan céanna den dá ábhar (nó níos mó i gcórais níos casta) a chur ar bun i ngach áit. Tógann sé am an aidhm seo a bhaint amach, ach nuair a mhéadaítear an teocht tarlaíonn an t-idirleathadh níos tapa. Idirleathann móilíní i gcomhréir inbhéartach lena meáchain mhóilíneacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Idirleathadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 362.