Mata Hari
Mata Hari | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Margaretha Geertruida Zelle |
Eolas breithe | Leeuwarden, Lúnasa 7, 1876 |
Náisiúntacht | Ríocht na hÍsiltíre |
Áit chónaithe |
Dutch East Indies (en) ![]() Province of Venice (en) ![]() An Háig Maidrid Prison Saint-Lazare (en) ![]() |
Grúpa eitneach | Dúitsigh |
Bás |
Vincennes agus Château de Vincennes (en) ![]() |
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás | pionós an bháis (bású ag scuad lámhaigh) |
Muintir | |
Athair | Adam Zelle |
Máthair | Antje van der Meulen |
Céile/Céilí | Rudolph MacLeod (Iúil 11, 1895 - 1902) |
Páistí |
liosta iomláin
|
Gairm | |
Gairm |
courtesan (en) ![]() ![]() ![]() |
Fostóirí |
Émile Étienne Guimet (en) ![]() Georges Ladoux (Meán Fómhair 2, 1916 - |
Sloinnte | Mata Hari agus Lady MacLeod |
Seirbhís mhíleata | |
Throid sé/sí ag | An Chéad Chogadh Domhanda |
IMDb | nm1299792 |
![]() |
Mata Hari ab ea céimainm na mná Margaretha Geertruida "Grietje" Zelle (7 Lúnasa 1876, Leeuwarden - 15 Deireadh Fómhair 1917, Vincennes). Ba rinceoir coimhthíoch Freaslannach í agus ba chúirtéiseánach freisin í. Cuireadh chun báis í ag na Francaigh i rith an chéad chogadh domhanda nuair a cuireadh an spiaireacht ina leith[1].
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Mata Hari i Leeuwadren san Ísiltír. Agus i mbarr a réime di, bhí sí ina rinceoir anghrách inar ceadaíodh roinnt grianghraf beagáinín mínáireach. Chuir é seo gan amhras leis an íomhá de femme fatale a bhí aici.
Bhí Mata Hari 5'10" ar airde agus tarraingteach san áireamh. De dheasca sin bhí sí faoi shúile na bhfear go minic. Dúradh gur mhór an caidreamh collaí a bhí aici le hoifigigh míleata agus lucht na huasaicme, chomh maith le polaiteoirí na tréimhse sin.
Spiaireacht agus bású[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuireadh ina leith ag an Deuxième Bureau na Fraince go raibh sí ag spiaireacht ar son na nGearmánach.
Dúirt sí nach raibh baint ró-mhór aici leis an spiaireacht. De réir cáipéisí oifigiúla na Gearmáine, tugadh an cód-uimhir H-21 uirthi. Tá an chuma ar an scéal gur spiaire ab ea í, ach is beag éifeacht a bhí aici. I ndáiríre rinneadh ceap milleáin di.
Chuir scuad lámhaigh Mata Hari chun báis ar an 15 Deireadh Fómhair 1917, i Vincennes sa Fhrainc le linn an Chéad Chogadh Domhanda, agus í 41 bliana d'aois ag an am.
Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rinneadh scannán dá saol dar teideal 'Mata Hari' i 1931 leis an réalta scannáin Shualannach Greta Garbo ag glacadh an príomhról.
Rinneadh taighde anatamaíoch ar a corp. Bhí ceann Mata Hari balsamaithe. Ach cailleadh na húdaráis é (an músaem anatamaíoch i bPáras) sa bhliain 1954 nó níos déanaí (níl a fhios acu).
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ An Taobh Ó Thuaidh: Feabhra 2014
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |