Marú Ashling Murphy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtMarú Ashling Murphy
Map
 53°16′43″N 7°28′48″W / 53.27868°N 7.4801°W / 53.27868; -7.4801
Cineálbás
dúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana12 Eanáir 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhTulach Mhór, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachAshling Murphy íospartach dúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
An Chanáil Mhór sa Tulach Mhór, in aice leis an láthair inar maraíodh Murphy.

Múinteoir agus ceoltóir a bhí in Ashling Murphy. Fuarthas marbh í i gCeapach an Churraigh, Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí, ar 12 Eanáir 2022, ar bhruach na Canálach Móire.[1] Gearradh téarma éigeantach saoil ar an dúnmharfóir, Jozef Puska, ar 17 Samhain 2023.

Íospartach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Murphy sa Blueball, Tulach Mhór agus b'iad Raymond agus Kathleen a tuismitheoirí. D'fhás sí aníos lena deirfiúr Amy agus a deartháir Cathal. Ghnóthaigh sí cáilíocht mhúinteoireachta bunscoile ó Choláiste Mhuire I i Luimneach.[2] Mhúin sí i scoil náisiúnta i nDarú, Contae Uíbh Fhailí ó Mhárta 2021. Bhí sí ina fidléir, agus bhí sí ina ceoltóir mór le rá ag féile cheoil thraidisiúnta Thulach Mhór.[3]

Teagmhas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 12 Eanáir 2022, Chuaigh Murphy ag rith tar éis di an obair a chríochnú ar 3pm. Ionsaíodh í faoi sholas an lae thart ar 4pm ar chosán canála a mbaintear an-úsáid as,[4] ar a dtugtar Bealach Fiona, ainmnithe i ndiaidh Fiona Pender (a bhí as an Tullach Mhór i gContae Uíbh Fhailí seacht mí torrach nuair a d'imigh sí gan tásc gan tuairisc i Lúnasa na bliana 1996).[5]

Amhras[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhógair Gardaí gur chreid siad nárbh eol do Murphy an té a rinne an cion.[2] Chuir siad fear 40 bliain d'aois faoi choinneáil maidir leis an mbás.[1] An lá dár gcionn, áfach, scaoil Gardaí an fear a raibh siad ag caitheamh leis mar phríomhamhrastach faoin dúnmharú agus cuireadh deireadh le fiosrúcháin na nGardaí ina leith siúd. Bhí sé ráite acu roimhe seo nach raibh siad ag lorg ach duine amháin maidir leis an ionsaí. Ar 14 Eanáir, d'aithin na Gardaí Jozef Puška, duine eile a raibh spéis acu ann mar chuid den imscrúdú.

Freagairt an Phobail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirigh daoine sa Tulach Mhór agus ar fud na hÉireann méala mór agus brón i ndiaidh bhás Murphy.[3]

Dhearbhaigh an Taoiseach Micheál Martin nach raibh áit ar bith i sochaí na hÉireann don fhoréigean, go háirithe foréigean in aghaidh na mban, nach féidir glacadh leis agus nach nglacfar leis. Chuir an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee síos ar imthosca bhás Murphy mar "an tromluí is measa do gach bean agus teaghlach".[6] D’éiligh Women's Aid Ireland polasaí nach nglacfaí beag na mór le foréigean ó fhir in aghaidh na mban a thuilleadh, agus d'fhoilsigh siad staitisticí a tiomsaíodh ar bhásanna neamhdhleathacha ban in Éirinn ó 1996 i leith.

Bhailigh daoine i mbailte, sráidbhailte agus i bpobail ar fud oileán na hÉireann agus an domhain le chéile chun ómós a thabhairt do chuimhne Uí Mhurchú sna laethanta i ndiaidh a báis, agus suas le 100 bigil ar siúl i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh, Gaillimh, Doire, Thír Eoghain, Ard Mhacha agus Tulach Mhór,[6][7] chomh maith le cinn i Melbourne, Dún Éideann, Londain, Nua-Eabhrac agus Vancouver. Thug an tUachtarán Michael D. Higgins ómós do shaol gairid ach iontach flaithiúil Murphy.[8] D’fhreastail an Taoiseach Micheál Martin ar bhigil a d’eagraigh Comhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn taobh amuigh de Dháil Éireann i mBaile Átha Cliath, áit ar reáchtáladh nóiméad ciúnais ag 4:30pm, gar don am ar ionsaíodh Murphy. Spreag feachtasóirí glaonna feargacha chun deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban.

Ciontú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 9 Samhain 2023 rinne an giúiré sa Phríomhchúirt Choiriúil Jozef Puška a chiontú i ndúnmharú Ashling Murphy. As an tSlóvaic ó dhúchas é, agus tá cúigear clainne air.[9][10] Ar 17 Samhain 2023, gearradh téarma éigeantach saoil ar an dúnmharfóir.[11]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 RTÉ news / Paul Reynolds (2022-01-13). "Man held over Ashling Murphy murder released" (as en). 
  2. 2.0 2.1 BBC (2022-01-13). "Ashling Murphy: Man arrested over Tullamore murder is released" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2023-11-11.
  3. 3.0 3.1 RTÉ news (2022-01-13). "Vigils to be held to remember Ashling Murphy" (as en). 
  4. Nuacht RTÉ (2023-10-18). ""Bhí Ashling Murphy ag glaoch ar chabhair agus fear á hionsaí"" (as ga-IE). 
  5. Nuacht RTÉ (2008-05-13). "Cinnlínte Nuachta" (as en). 
  6. 6.0 6.1 Stephen McNeice. "Vigils in memory of Ashling Murphy to take place tomorrow" (en). Newstalk. Dáta rochtana: 2023-11-10.
  7. "Eyre Square vigil for Ashling Murphy organised for this evening" . 
  8. "Statement by President Michael D. Higgins on the death of Ashling Murphy" . 
  9. Nuacht RTÉ (2023-11-09). "Jozef Puska ciontaithe i ndúnmharú Ashling Murphy" (as ga-IE). 
  10. Martin Robinson (2023-11-10). "Ashling Murphy's killer Jozef Puska moments before he struck". Mail Online. Dáta rochtana: 2023-11-11.
  11. Nuacht RTÉ (2023-11-17). "Príosún saoil, atá "tuillte go hiomlán", gearrtha ar Jozef Puska" (as ga-IE).