Marie Curie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMarie Curie

(1920) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Marie Curie
(pl) Maria Skłodowska-Curie
Beathaisnéis
Breith(pl) Marya Salomea Skłodowska
7 Samhain 1867
Vársá (Impireacht na Rúise)
Bás4 Iúil 1934
66 bliana d'aois
Sancellemoz, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Aplastic anemia (en) Aistrigh)
Áit adhlacthaPanthéon (1995–) 48°50′46″N 2°20′46″E / 48.846198°N 2.3461054°E / 48.846198; 2.3461054
Reilig Sceaux (1934–1995) Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAgnóisí
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Pháras - fisic (1891–1893)
X LO im. Królowej Jadwigi in Warsaw (en) Aistrigh
Ollscoil Pháras - fisic
Dámh Eolaíochta Pháras
Uniwersytet Latający
Ollscoil Pháras - matamaitic (–1894) Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaGabriel Lippmann
Áit chónaitheVársá
Páras
Teanga dhúchaisan Pholainnis
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreRadaighníomhaíocht, ceimic agus fisic
Gairmfisiceoir, ceimiceoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Pháras
Sorbonne
Institiúid Curie Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Rúisis, an Pholainnis agus an Fhraincis
Ghlac sé/sí páirt i
19275th Solvay Conference on Physics (en) Aistrigh
19213rd Solvay Conference on Physics (en) Aistrigh
19111st Solvay Conference on Physics (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaAndré-Louis Debierne, Óscar Moreno, Marguerite Perey, Branca Edmée Marques, Zheng Dazhang, Shi Shiyuan, Emile Henriot agus Ștefania Mărăcineanu
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
TeaghlachSkłodowscy herbu Dołęga Cuir in eagar ar Wikidata
CéilePierre Curie (1895–1906), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteIrène Joliot-Curie, Ève Curie Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWładysław Skłodowski  agus Bronisława Skłodowska
SiblínBronisława Dłuska, Józef Skłodowski agus Helena Skłodowska-Szaley
Duine muintearthaHelena Dłuska (iníon deirféar)
Kazimierz Dłuski (sister's husband (en) Aistrigh)
Jacques Curie (husband's brother (en) Aistrigh)
Eugène Curie (en) Aistrigh (husband's father (en) Aistrigh)
Sophie-Claire Depouilly (en) Aistrigh (husband's mother (en) Aistrigh)
Józef Boguski (male cousin (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
6 Iúil 1934sochraid (Reilig Sceaux) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


IMDB: nm1792513 Musicbrainz: 73f235f9-98b7-4092-a219-85ad031bcd6d Discogs: 2064516 Find a Grave: 1613 Cuir in eagar ar Wikidata

Fisiceoir agus ceimiceoir Polannach agus Francach-eadóirsithe ab ea Maria Salomea Skłodowska-Curie (7 Samhain 1867 – 4 Iúil 1934), ar a dtugtar Marie Curie, a rinne taighde ceannródaíoch ar an radaighníomhaíocht. Ba í an chéad bhean í a bhuaigh Duais Nobel, an chéad duine a bhuaigh Duais Nobel faoi dhó, agus an t-aon duine a bhuaigh Duais Nobel in dhá réimse eolaíochta. Bhí a fear céile, Pierre Curie, ina chomhbhuaiteoir ar a céad Duais Nobel, rud a fhágann gurb iad an chéad lánúin phósta riamh a bhuaigh Duais Nobel agus a sheol oidhreacht teaghlaigh Curie de chúig Dhuais Nobel. Ba í, sa bhliain 1906, an chéad bhean í a bhí ina hollamh in Ollscoil Pháras.

Rugadh í i Vársá, san áit a raibh Ríocht na Polainne ag an am, cuid d'Impireacht na Rúise. Rinne sí staidéar in Ollscoil Eitilte (Polainnis:Uniwersytet Latający) fholaitheach agus chuir sí tús lena hoiliúint eolaíoch phraiticiúil i Vársá. Sa bhliain 1891, agus í 24 bliain d'aois, lean sí a deirfiúr is sine Bronisława le staidéar a dhéanamh i bPáras, áit ar ghnóthaigh sí céimeanna níos airde agus is ann a rinne sí a cuid oibre eolaíochta ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1895 phós sí an fisiceoir Francach Pierre Curie, agus roinn sí Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1903 leis agus leis an bhfisiceoir Henri Becquerel as a saothar ceannródaíoch ag forbairt teoiric na 'radaighníomhaíochta' -téarma a chum sí.[1][2] Sa bhliain 1906 fuair Pierre Curie bás i dtimpiste sráide i bPáras. Bhuaigh Marie Duais Nobel na Ceimice sa bhliain 1911 as a fionnachtain ar na dúile polóiniam agus raidiam, ag baint úsáide as teicnící a chum sí chun iseatóip radaighníomhacha a aonrú. Faoina treo, rinneadh na chéad staidéir ar domhan ar chóireáil neoplasmaí[nasc briste go buan] trí úsáid a bhaint as iseatóip radaighníomhacha. Bhunaigh sí Institiúid Curie (Fraincís: L'institut Curie) i bPáras sa bhliain 1920, agus Institiúid Náisiúnta Taighde na hOinceolaíochta (Polainnis:Narodowy Instytut Onkologii im. Marii Skłodowskiej-Curie – Państwowy Instytut Badawczy )i Vársá sa bhliain 1932; tá an dá cheann acu fós ina mórionaid taighde leighis. Le linn an Chéad Chogadh Domhanda d'fhorbair sí aonaid radagrafaíochta soghluaiste chun seirbhísí X-gha a sholáthar d'ospidéil mahchaire.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Discovery of Radioactivity". “The term radioactivity was actually coined by Marie Curie […].”
  2. "Marie Curie and the radioactivity, The 1903 Nobel Prize in Physics". “Marie called this radiation radioactivity—"radio" means radiation.”