Henri Becquerel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Merge-arrow.svg
Tá sé molta an t-alt seo nó an rannán seo a chumasc le Antoine Henri Becquerel. (Pléigh)

Innealtóir agus fisiceoir as an bhFrainc ab ea Antoine Henri Becquerel, ar ar bronnadh Duais Nobel san fhisic sa bhliain 1903. Bhí sé ar an gcéad duine a d'aithin an radaighníomhaíocht mar fheiniméan, faoin am a rinne Pierre agus Marie Curie an fhionnachtain chéanna, agus roinn sé an duais leis an lánúin sin.

Rugadh Henri Becquerel i bPáras ar an 15 Nollaig 1852. Bhí a thuismitheoirí ina suí go te ó thaobh an airgid de, agus bhí traidisiún fisiceoireachta ag baint leis an teaghlach le trí ghlúin anuas, nó ba fisiceoirí iad athair, seanathair agus sin-seanathair Henri. D'fhoghlaim an buachaill uraiceacht na scolaíochta i Lycée Louis-de-Grand, scoil ullmhaitheach i bPáras. Ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar an innealtóireacht san École Polytechnique agus in École des Ponts et Chaussées. Sa bhliain 1874 phós Becquerel an chéad bhean chéile, Lucie Zoé Marie Jamin, ach fuair sise bás nuair a rugadh an chéad mhac, Jean, di. Mar sin, rinne Becquerel athphósadh ar Louise Désirée Lorieux sa bhliain 1890.

Sa bhliain 1892 tháinig Becquerel i seilbh Ollúnacht na Fisice i Muséum National d'Histoire Naturelle, ollúnacht a bhí ag a athair agus a sheanathair roimh a lá féin. Dhá bhliain ina dhiaidh sin ceapadh ina Phríomh-Innealtóir é do Roinn na nDroichead agus na nArdbhealaí, agus níor chrom sé ar a chuid turgnamh eolaíochtúil ach ina dhiaidh sin. Ba iad na rudaí ba mhó a spreag a shuim ná plánpholarú an tsolais agus an mhéarnáil (an fhosfaracht) agus an dóigh a n-ólann na criostail solas chucu (ionsúchán an tsolais). Rinne Becquerel taighde ar réimsí maighnéadacha an Domhain nuair a bhí sé ina ábhar óg eolaí.

An dóigh a ndearna Becquerel fionnachtain na radaighníomhaíochta is sampla é den rud ar a dtugtar seirindipíocht, is é sin, an t-ádh a bhíonn leis an duine a bhfuil a intinn ullmhaithe roimh ré. Bhí suim aige riamh san fhosfaracht, is é sin, an réad a bheith ag astú solais nach bhfuil ar aon dath leis an solas a shúigh an réad céanna isteach roimhe sin. I dtús na bliana 1896 bhí Becquerel ar duine acu siúd a chuaigh chun díograise faoi na x-ghathanna a bhí díreach aitheanta ag Konrad Röntgen. Thosaigh Becquerel ag déanamh taighde ar cibé baint a bheadh ag an bhfosfaracht leis na gathanna nua seo. Bhí a fhios aige go raibh fosfaracht i salainn úráiniam, agus é ag déanamh go bhféadfadh na salainn úráiniam x-ghathanna a astú dá bhfloscfaí le solas geal gréine iad.

Sa bhliain 1896 tháinig sé ar an gconclúid go raibh an fhosfaracht ag teacht as an úráiniam féin - is é sin, nach raibh floscadh ná luchtú le fuinneamh ón taobh amuigh de dhíth. Spreag an tuiscint seo taighde ar an radaighníomhaíocht, agus go gairid ina dhiaidh sin fuair Becquerel amach go raibh an tóiriam radaighníomhach chomh maith. Maidir le Marie agus Pierre Curie, d'fhionn siad dhá dhúil radaighníomhacha eile, mar atá, an raidiam agus an polóiniam. De thoradh an taighde seo, d'fhoilsigh Becquerel seacht n-alt faoi chúrsaí radaighníomhaíochta sa bhliain 1896. Ó bhí Becquerel cleachtach ar an leictreachas agus ar an maighnéadas, ba dhual dó triail a bhaint as réimsí maighnéadacha chomh maith agus an radaíocht radaighníomhach ag dul tríothu. Fuair sé amach go raibh trí chineál radaíochta ann: ceann a raibh lucht leictreach deimhneach aige, ceann eile a raibh lucht diúltach aige, agus ceann a bhí neodrach ó thaobh an leictreamhaighnéadais de.