Máirt na hInide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Pancóg

Tugtar Máirt na hInide ar an Mháirt úd roimh an chéad lá Carghaise i bhféilire Críostaí na hÉireann. Tosaíonn an Carghas ar Chéadaoin an Luaithrigh.

Ón Laidin a thagann an focal Gaeilge ‘inid’. ‘Tús an Charghais’ atá i gceist le ‘inid’[1].

Féile[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tugtar Mardi Gras nó "Máirt Ramhar" uirthi i dtíortha éagsúla. Is ón bhFraincis a thagann na focail ‘Mardi Gras’.

Mardi gras, New Orleans, 1998

Tugtar Máirt na bPancógLá ba bPancóg uirthi chomh maith in Éirínn. Go traidisiúnta, itheann daoine a lán pancóg ar an lá sin.

  • An Bhrasaíl. Bíonn carnabhal mór in Rio de Janeiro sa Bhrasaíl gach bliain chun ‘Mardi Gras’ a cheiliúradh. Gluaiseann paráidí móra ildaite trí shráideanna na cathrach mar chuid den fhéile.
  • An Bheilg. Tá clú ar na mórshiúlta a bhíonn ar siúl sa Bheilg i mbaile beag darb ainm Binche. Caitheann fir cultacha speisialta an lá sin agus caitheann siad oráistí leis an lucht féachana!
  • Críoch Lochlann. Itear borróga uachtair sna tíortha Lochlannacha.
Binche - Les Gilles sa Bheilg

Nósanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Lá mór bainiseacha a bhíodh i Máirt na hInide in Éirinn fadó. Ní raibh cead ag daoine pósadh le linn an Charghais an t-am sin. Mar sin, phósadh a lán daoine roimh thús an Charghais ar Mháirt na hInide.

Críoch Lochlann. Itear borróga : "fastlagsbullar" nó "fettisdagsbullar"

Nós eile a bhíodh ann fadó go gcaitheadh mná óga, nach raibh pósta, pancóg san aer agus go ndéanaidís iarracht breith uirthi arís sa fhriochtán gan ligean di titim ar an urlár. Dá n‑éireodh le bean é sin a dhéanamh deirtí gur cinnte go mbeadh sí pósta roimh dheireadh na bliana.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]